Tacaíocht Pobal

home_blank

Líonraí Gaeilge

D’fhógair Foras na Gaeilge próiseas léirithe suime i na Nollag 2014 d’iarratasóirí féideartha chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gceantair a bheadh oiriúnach do Líonraí Gaeilge.

Foras na Gaeilge freagrach as eagraíochtaí a roghnú agus tacaíocht a thabhairt dóibh le plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú le Líonra Gaeilge a fhorbairt ina gceantair féin. Roghnaíodh cúig ghrúpa in 2015 chun plean teanga a ullmhú le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge do cheantair lasmuigh den limistéar Gaeltachta chun aitheantas a bhaint amach mar Líonra Gaeilge.

Misean Bhéal Feirste Thoir

In 2015 aontaíodh tacaíocht trí bliana do Mhisean Bhéal Feirste Thoir a dhíríonn ar ardú feasachta agus ar chumasú an phobail Phrotastúnaigh i leith na Gaeilge. Bronnadh an gradam Ceannaireacht Shibhialta ar Linda Ervine, atá fostaithe trínár ndeontas, as ucht na hoibre atá déanta aici leis an nGaeilge.

Scéim Pobal Gaeilge 2016-2020

  mar aidhm ag an scéim seo an Ghaeilge a chur chun cinna chothú agus a bhuanú ar bhonn pobail le béim faoi leith ar bhunú gréasáin bhuana agus gréasáin bhuana sna pobail siúd i gcomhar le forais eile an cheantairTríd an scéim seomaoiníonn Foras na Gaeilge gréasán d’Oifigigh Forbartha Gaeilge phobalbhunaithe a fhostaítear ar feadh ceithre blianaBeidh feidhmeanna éascaithe agus gréasánaíochta ag na hoifigigh sinmar aon le feidhmeanna a bhaineann le hinstitiúidí eile a fhorbairt ina mbeidh an Ghaeilge á húsáid agus á cur chun cinn chun leas an phobail sin.

Maoiníodh 19 ndeontaí tríd an mbabhta deireanach de Scéim Phobail Gaeilge agus  léargas ar thorthaí na scéime seo tugtha sa leabhrán Cumasú agus Cothú.

Colmcille

Clár comhpháirtíochta is ea Colmcille idir Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhliga chuireann chun cinn úsáid Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban in Éirinn agus in Albain agus idir an  thír súil ag Colmcillemar thoradh ar a chuid oibretuiscint ar thaithí ilghnéitheach agus ar chultúr ilghnéitheach phobail na Gaeilge agus na Gàidhlig a chothúagus chun plé a spreagadh ar chomhbhuarthaí atá acu maidir le cúrsaí sóisialtacultúrtha agus eacnamaíochtad’fhonn féinmhuinín a spreagadh sna pobail Ghaeilge.

Tuilleadh eolais faoi scéimeanna deontais agus tionscadail Cholmcille anseoTabhair cuairt ar leathanach Shlí Cholmcille ar Facebook anseo.