Máire Mhac an tSaoi (1922-2021), Ráiteas comhbhróin ó Fhoras na Gaeilge, 18 Deireadh Fómhair 2021

Is cúis mhór bhróin d’Fhoras na Gaeilge go bhfuil an mórfhile ceannródaíoch, Máire Mhac an tSaoi, tar éis bháis.

Scríbhneoir, léirmheastóir, abhcóide agus scoláire ab ea Máire, a d’fhreastail ar Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, ar an Institut des Hautes Études en Sorbonne, agus a rinne staidéar ar theangacha agus ar an Léann Ceilteach. Chaith seal ag obair leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha sa Fhrainc, sa Spáinn, in Strasbourg agus sna Náisiúin AontaitheBa bhean ildánach í a bhain an t-uafás amach le linn a saoil, mar dhuine de bheagán taidhleoirí mná glúin, agus mar fhile iomráiteach ar bhonn idirnáisiúnta.

Mar fhile agus scríbhneoir a bhí ar comhaois leis an stát, roinn léargas ar leith ar shochaí a linne agus fágann a saothar rian buan ar litríocht agus ar fhilíocht na Gaeilge. Is mór an tionchar a bhí,  agus a bheidh, aici ar ghlúine filí agus scríbhneoirí a leanann ina diaidh bharr.

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Chollatáin, ‘Ba bhall de dhornán mórfhilí na Gaeilge í Máire Mhac an tSaoi a raibh ról lárnach acu i gclaochlú na dtuiscintí filíochta i rith agus i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. D’oscail doirse do ghlúin nua banfhilí le dul i bhfostú le téamaí casta conspóideacha. In Comhar in 1988, léirigh tuiscint ar chumhacht na filíochta mar uirlischun an aois seo a shaoradh ó chuing na ngnásníos fearr mar a rinne doscúché. Thuig an tábhacht lecaint chaighdeánach, chlasaiceach, laethúil an Bhéarla a iompú ina meán draíochta”, bua a bhí go smior inti féinFoilsíodh cúig chnuasach cuid agus in 1957 luadh Margadh na Saoire (1956) “ar na leabhair is tábhachtaí ar fad dár foilsíodh fós i nGaeilge na haoise seo”. Agus mar a léirítear ina dírbheathaisnéis in 2003 The Same Age as the State, ba léi an aois seo. Mar bhean agus mar fhile, áfach, mairfidh a cáil i bhfad i ndiaidh na haoise seo.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, ‘go bhfuil duine de mhórphearsana na Gaeilge ar lár, mórfhile a bhfágfaidh tobar a saothar filíochta a lorg orainn i bhfad i ndiaidh a himeachta uainn, agus a mbeidh pobal Éireann agus na Gaeilge ag tarraingt as le tuiscint a fháil ar ár mbeatha agus ar ár n-áit sa domhan go ceann i bhfad’.

Déanann Foras na Gaeilge comhbhrón lena clannPatrick agus Margaretlena leasiníon Fedelmaagus lena muintir agus cairde araon.

 

Portráid:

Ghlac Máire Mhaicín portráid Mháire mar chuid den mhórthionscadal portraidi.ie agus don leabhar Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge (Foras na Gaeilge & Comhar). Is féidir teacht ar an bportráid agus ar nóta beathaisnéise Mháire anseo:  https://portraidi.ie/en/maire-mhac-an-tsaoi/

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie