An Cur i Láthair – Comórtas Fógraíochta Publicjobs.ie Do Scoileanna

Is comórtas iontach é seo trínar féidir le daltaí iarbhunscoile a gcuid scileanna cruthaitheacha, digiteacha agus cumarsáide a léiriú agus iad ag foghlaim faoi dheiseanna gairme a bheidh acu san earnáil phoiblí amach anseo

Chun cur isteach ar an gcomórtas, iarrtar ar dhaltaí físeán (30 soicind) a chruthú ina ndéanann siad an earnáil phoiblí a chur chun cinn mar chonair ghairme mhealltach bpiarghrúpa

Rachaidh daltaí a chuireann isteach ar An gCur i Láthair san iomaíocht chun roinnt duaiseanna iontacha a bhuachan, a léiríonn an éagsúlacht atá le brath i ndeiseanna gairme san earnáil phoiblí.   

 

Duaiseanna do Dhaltaí:   

  • Deis na scileanna meán nua atá foghlamtha acu a úsáid chun an Taoiseach, Micheál Martin, a chur faoi agallamh faoina ghairm go dtí seo!  
  • Deis scileanna gníomhacha tarrthála a fhoghlaim ar thuras go hIonad Comhordaithe Tarrthála go Bunáit Héileacaptair de chuid Gharda Cósta na hÉireann!  
  • Deis taithí a fháil ar ghníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl sa chúlra agus páirt a ghlacadh in ionsamhlú póilíneachta leis an nGarda Síochána!

Cuirfear deireadh leis an gCur i Láthair le searmannas bronnta go déanach san Earrach, ag a léireofar iontrálacha a cuireadh ar an ngearrliosta agus ag a bhfógrófar buaiteoirí na nduaiseanna iontacha seo.  

Déanfaidh painéal moltóirí, ar a mbeidh saineolaithe atá ina n-ionadaithe do hearnáil phoiblí, mar aon le saineolaithe ó thionscal na fógraíochta, measúnú a dhéanamh ar na hiontrálacha.   

Is cuid de Phaca Acmhainní Public Jobs do Scoileanna, tionscnamh foghlama níos doimhne, é An Cur a Láthair.  

an tionscnamh seo páirtmhaoinithe ag Ciste Nuálaíochta na hEarnála Poiblí de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus sheolamar é i Mheán Fómhair 2021, i gcomhar leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Dála, Michael McGrath.  

an ghné mar chuid de chlár úrnua do dhaltaí iarbhunscoile a bhfuil mar aidhm aige suim a mhúscailt iontu sna deiseanna gairme éagsula atá ar fáil.   

Tugann an Cur i Láthair deis dúinn an státseirbhís agus an tseirbhís phoiblí a shoiléiriú do mhúinteoirí, do dhaltaí agus dtuismitheoiríIs féidir le níos 720 iarbhunscoil ar fud na hÉireann teacht ar an bPaca Acmhainní, atá ar fáil saor in aisce ar www.publicjobs.ie/ga/scoileanna 

súil againn go nglacfaidh a lán scoileanna páirt sa Chur i Láthair agus go mbainfidh siad úsáid as na hachmainní foghlama atá ar fáil, rud a leagfaidh béim ar an éagsúlacht atá le brath i ngairmeacha san earnáil phoiblí agus a mhúsclóidh suim i ndaltaí cur isteach orthu.  

Is tionscnamh tábhachtach é an tionscadal seo maidir leis an bhfís i dtaca le hearnáil phoiblí a fhorbairt ina bhfuil an tallann, na tréithe agus an tiomantas a léiríonn an éagsúlacht atá le brath i sochaí na hÉireann, agus an aidhm soláthar ar son na hÉireann, a bhaint amach.