Déan Comhrá sa bhaile le Gaeloideachas

Creidim Ionat

An tuismitheoir caomhnóir thú a bhfuil do chuid páistí ag freastal ar naíonra ar scoil lán-Ghaeilge? ar mhaith leat níos Gaeilge a úsáid sa bhaile le do theaghlach? An bhfuil ar an eolas faoin leabhrán Déan Comhrá, agus na físeáin a théann leis?

 

an leabhránDéan Comhrádírithe ar thuismitheoirí agus chaomhnóirí cosúil leatsa! lán le frásaí simplí úsáideacha a d’fhéadfaí a úsáid sa bhaile leis an teanga a shní isteach sa saol laethúil. caibidlí ann ar réimse ábhar, ina measc frásaí úsáideacha do chomhráite, ábhair scoile, obair bhaile, frásaí do nótaí agus ríomhphoist, moladh, am luí, bia agus deoch, agus an aimsir.

 

Is fiú go mór breathnú ar shuíomh irishforparents.ie freisin, áit a bhfuil i bhfad níos acmhainní atá dírithe ar na sainriachtanais teanga atá ag tuismitheoirí agus caomhnóirí. Cabhróidh an suíomh go mór leat cur le do stór focal ar théamaí éagsúla ábhartha, an chluastuiscint a chleachtadh agus cur le do chuid eolais ar struchtúir na teanga. D’fhéadfadh an teaghlach roinnt Gaeilge a fhoghlaim le chéile fiú.

 

Is féidir teacht ar an leabhrán i bhfoirm PDF anseo, agus fáilte romhat cóip clóite a ordú ar an leathanach céanna freisin.

an leabhrán ar fáil i nGaeilge agus Úcráinis anseo chomh maith

seinnliosta YouTube ‘Déan Comhrá’ ar fáil ar chainéal YouTube Gaeloideachas freisin! Cuirtear físeáin nua leis go minic. Cabhróidh na físeáin seo leatsa agus le do pháistí cleachtadh a dhéanamh ar an bhfoghraíocht, agus fo-theidil ar fáil ar na físeáin ar fad. Is féidir teacht ar an seinnliosta anseo.

 

súil againn go mbeidh spraoi agaibh ar an aistear seo le chéile!

 

liosta ríomhphoist ar leith ag Gaeloideachas do thuismitheoirí. Más maith leat tuilleadh eolais, nuacht, agus acmhainní a fháil ón eagraíocht, cláraigh anseo.