Première Scannáin: Calman Nan Loch, an 9 Nollaig

Sa scannán seo faighimid amach mar a choinnigh muintir nan Lochan i Leòdhas spiorad na eaglaise Ceiltí beo go dtí an inniu. Fuair an scannán inspioráid ó scéal iontach faoi na mbáid thraidisiúnta seoil ag imeacht i ndiaidh na seirbhísí comaoine chun na mbailte beaga thall agus abhus ar Loch Èireasoirt, agus iad beo le fuaim na salm Gàidhlig. an scannán bunaithe ar thionscadal d’ealaín phobail agus déanann commóradh ar 1500 bliain de thionchar Cholmcille.

 

Beidh an première ag 7.30 i.n. in An Lanntair, Steòrnabhagh. ticéid ar fáil anseo, agus beidh an scannán ar fáil anseo fosta. Thug an stiúrthóir agus ealaíontóir Déirdre Mhathúna, a bhfuil Gaeilge na hÉireann agus na hAlban ar a toil aici, an cuntas a leanas ar an tionscadal:

 

Is mór an onóir dom an scannánColm na Lochannaa eisiúint in ómós do 1500 bliain de thionchar Naomh Colm Cille sna Gaeltachtaí agus níos faide ó bhaile. Scéal iontach as na Lochanna san Oileán Leòdhais atá ann, a tháinig chugam is ag taispeáint m’ obair ealaíne sa bhaile beag Ceòs, ar an taobh ó thuaidh Loch Èireasoirt. Is é an plean a bhí i m’ intinn an sin, slán agus buíochas a le muintir na háite, a chuir fáilte ó chroí romham na blianta roimhe sin.

 

B’ar an céanna sin a chualamar scéal iontach faoi na bádaí traidisiúnta a chuir macalla na Salm Gàidhlig thar bharr na farraige, agus an pobal ag seoladh abhaile chun na mbailte beaga i ndiaidh seirbhíse san Eaglais. Bhíomar go léir tógtha leis an íomhá agus go gearr ina dhiaidh sin tugadh nabátaichean nan salm’ ar an tionscadal le cur síos air. Sna blianta beaga ina dhiaidh sin d’ fhás comhluadar croíúil oscailte d’amhránaithe, seoltóirí, ealaíontóiríagus cairde. Tháinig baill an tionscadail as gach eaglais san oileán agus cuireadh fáilte freisin roimh dhaoine gan creideamh ar bith. Bhailíomar béaloideas suimiúil agus greannmhar ó na daoine a bhí ina ndéagóirí agus bhí na bádaí marAustins & Fordsacu.

 

Gan amhras, d’athraigh Pròiseact Bàta nan Salm an bealach a bhí romham mar ealaíontóir. Níor shamhlaigh fanacht chomh fada san oileán, cairdeas chomh láidir a shnaidhmeadh trí mheán na Gàidlig, ach nuair a chas le muintir na Lochanna is fíor go raibh ag iarraidh stíle ealaíne a bheadh oiriúnach domsa mar Ghael agus a bheadh bunaithe ar rannpháirtíocht. Is ansin, sa bhaile beag ar chladach Loch Èireasoirt a fuair an chloch-adhmainte a rinne ceangal idir m’fhéiniúlacht mar Éireannach agus mo bheatha chruthaitheach in Albain.

 

Sa scannán seo, rachaidh sibh ar aistear liomsa go croí chreideamh mhuintir na Lochanna ina bhfuil íomhá an choilm agus Colm Cille féin i gceartlár na hinste. Léireoidh scéalta na ndaoine mar a mhair oidhreacht na manach beo i nglór na Salm Gàidhlig, ainneoin dhíshealbhú an Reifirméisin, agus mar a coinníodh spiorad na hEaglaise Ceiltí beo go dtí an atá inniu ann.