Scéim Tacaíochta Fuinnimh
Tá ciste fógartha ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le tacaíocht éigeandála aon-uaire a chur ar fáil d’eagrais phobail agus dheonacha in earnáil na Gaeilge le dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar chostais fuinnimh le bliain anuas.
Baineann an tacaíocht seo leis an ardú ar chostas fuinnimh don tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go 31 Márta 2023 amháin, i gcomparáid leis an gcostas fuinnimh don bhliain 2021. Beidh aon tacaíocht a cheadaítear bunaithe ar an difríocht idir na costais don dá tréimhse.
Tá ciste €200,000 ina iomlán curtha ar fáil do dheontaithe Fhoras na Gaeilge nach bhfuil cuimsithe faoi aon scéim tacaíochta eile. Is gá go mbeadh foirgneamh /áitreabh dá chuid féin ag aon iarrthóir agus ní féidir le níos mó ná eagraíocht amháin iarratas a dhéanamh i leith an fhoirgnimh/áitribh chéanna. Sa chás go bhfuil an t-éileamh níos airde ná an ciste féin déanfar an ciste a roinnt go comhréireach, ar bhonn ‘pro rata’ idir na hiarrthóirí bailí.
Le hiarratas a dhéanamh níl le déanamh ach an fhoirm thíos a líonadh isteach agus a chur ar aghaidh chuig an seoladh fuinneamh@forasnagaeilge.ie . Is é an sprioc d’iarratais ná 11 Eanáir 2023.