Scéim Tacaíochta Fuinnimh

Tá ciste fógartha ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le tacaíocht éigeandála aon-uaire a chur ar fáil d’eagrais phobail agus dheonacha in earnáil na Gaeilge le dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar chostais fuinnimh le bliain anuas.
Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
11 Eanáir 2023

Tá ciste fógartha ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le tacaíocht éigeandála aon-uaire a chur ar fáil d’eagrais phobail agus dheonacha in earnáil na Gaeilge le dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar chostais fuinnimh le bliain anuas.

 

Baineann an tacaíocht seo leis an ardú ar chostas fuinnimh don tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go 31 Márta 2023 amháin, i gcomparáid leis an gcostas fuinnimh don bhliain 2021.  Beidh aon tacaíocht a cheadaítear bunaithe ar an difríocht idir na costais don dá tréimhse.

 

Tá ciste €200,000 ina iomlán curtha ar fáil do dheontaithe Fhoras na Gaeilge nach bhfuil cuimsithe faoi aon scéim tacaíochta eile.  Is gá go mbeadh foirgneamh /áitreabh dá chuid féin ag aon iarrthóir agus ní féidir le níos mó ná eagraíocht amháin iarratas a dhéanamh i leith an fhoirgnimh/áitribh chéanna.  Sa chás go bhfuil an t-éileamh níos airde ná an ciste féin déanfar an ciste a roinnt go comhréireach, ar bhonn ‘pro rata’ idir na hiarrthóirí bailí.

 

Le hiarratas a dhéanamh níl le déanamh ach an fhoirm thíos a líonadh isteach agus a chur ar aghaidh chuig an seoladh fuinneamh@forasnagaeilge.ie . Is é an sprioc d’iarratais ná 11 Eanáir 2023.