Liadh Ní Riada ainmnithe ag Foras na Gaeilge mar iarrthóir do thoghchán Sheanad Éireann

Preasráiteas

18 Nollaig 2024

Liadh Riada ainmnithe ag Foras na Gaeilge do thoghchán Sheanad Éireann. an t-ainmniúchán déanta mar thoradh ar phróiseas léirithe spéise agus roghnaithe a reáchtáil Foras na Gaeilge le hiarrthóir, a mbeidh cosaint agus forbairt na Gaeilge mar thosaíocht acu, a roghnú.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn,

Ba mhaith le Foras na Gaeilge go mbeadh próifíl níos airde ag an Ghaeilge i dTithe an Oireachtais, go mbeadh le cluinstin, agus go mbeadh duine i dTithe an Oireachtais a mbeadh cur chun cinn na Gaeilge ina thosaíocht acu, agus a bheadh ábalta labhairt agus gníomhú air sin gan srianta teorainn ó cheisteanna na polaitíochta páirtí

Is deis iontach é anois go mbeidh duine againn ann a bhfuil an tiomantas, an cúlra, an saineolas agus an taithí atá ag Liadh Riada. Is bean Ghaeltachta í Liadh, a bhfuil a saol caite aici ag cur chás na Gaeilge agus na Gaeltachta chun tosaigh, agus Foras na Gaeilge muiníneach go n-éireoidh léi suíochán a bhaint amach sa tSeanad.”

Anois agus iarrthóir ainmnithe, beidh Liadh ag feidhmiú go neamhspleách ar Fhoras na Gaeilge, agus ag gníomhú de réir a comhairle féin. éiríonn léi sa toghchán, Foras na Gaeilge dóchasach go dtapóidh gach deis cur go láidir ar son na Gaeilge

Críoch

Faoi Liadh Riada

Faoi láthair, Liadh ag obair mar Bhainisteoir/Stiúrthóir an Ionaid Ealaíon & Cultúir i nGaeltacht Bhaile Bhuirne, agus freagrach as fís agus straitéis ealaíne an ionaid. Bhuaigh an t-ionad Gradam na Gaeltachta ó Údarás na Gaeltachta mar aitheantas as an obair atá ar bun acu chun an Ghaeilge agus na healaíona a chur chun cinn. Is ball de bhord Fhoras na Gaeilge í (16/12/2020-15/12/2025).

Toghadh Liadh mar Fheisire Eorpach agus mhair a tréimhse ó 2014 go 2019. Ainmníodh í mar Fheisire Eorpach na bliana in 2015. Rinne stocaireacht chun deireadh a chur le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach le linn a tréimhse. Chuaigh ar stailc teanga, agus níor labhair ach Gaeilge amháin, le haird a tharraingt ar an easpa ateangaireachta agus aistriúcháin don Ghaeilge i bPairlimint na hEorpa, in ainneoin go raibh stádas oifigiúil ag an nGaeilge.

Roimhe sin, chaith Liadh seal mar léiritheoir agus stiúrthóir ar chláir faisnéise le RTÉ (1991–2011), nuair a bhí freagrach as tríocha clár faisnéise a léiriú, a stiúradh agus a chraoladh, chomh maith le príomhscannán i nGaeilge. Bhí ina ball de choiste bunaithe Theilifís na Gaeilge (TG4).

Sheas Liadh sa toghchán d’Uachtarán na hÉireann in 2018.

Tuilleadh eolais 

Teagmháil leis iarrthóir

Beidh Liadh Riada ar fáil le haghaidh agallamh ach teagmháil a dhéanamh léi ag 085 266 5583.

Fiosruithe d’Fhoras na Gaeilge

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasachtadavitt@forasnagaeilge.ie

Faoin bpróiseas léirithe spéise, an 29 Samhain 2024: 

https://www.forasnagaeilge.ie/iarrthoir-do-thoghchan-sheanad-eireann-le-hainmniu-ag-foras-na-gaeilge/