Iarrthóir do thoghchán Sheanad Éireann le hainmniú ag Foras na Gaeilge 

Preaseisiúint 

29/11/2024 

Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh duine a ainmniú do thoghchán Sheanad Éireann a bheidh mar chrann taca don Ghaeilge agus a mbeidh cosaint agus forbairt na Gaeilge mar thosaíocht acu.

De réir na reachtaíochta a bhaineann le Seanad Éireann is féidir le comhlachtaí clárú ar Chlár de Chomhlachtaí Ainmniúcháin, agus iarrthóir a ainmniú do Thoghchán an tSeanaid. D’éirigh le Foras na Gaeilge clárú ar Rolla-Chomhlachtaí Sheanad Éireann in 2024 faoin bPainéal Saíocht agus Oideachais, agus tá tús curtha anois le próiseas oscailte le hiarrthóir a ainmniú do thoghchán an tSeanaid.  

Is é is mian le Foras na Gaeilge go mbeidh ionadaí neamhspleách i Seanad Éireann a mbeidh an Ghaeilge ina tosaíocht acu thar aon tosaíocht eile, agus a dhéanfaidh ionadaíocht láidir ar son na teanga. Cé go mbíonn teachtaí Dála agus seanadóirí go leor ann a thacaíonn go tréan le cosaint agus forbairt na Gaeilge, is minic a bhíonn ceisteanna eile polaitiúla agus leas a bpáirtithe chun tosaigh ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge, rud a chuireann srian ar an ionadaíocht a dhéanann siad thar ceann na Gaeilge. Lena chois sin, bíonn brú orthu labhairt i mBéarla go minic le haird na meán a mhealladh.  

Beidh Foras na Gaeilge ag iarraidh duine nach mbeidh na srianta sin orthu, agus nach labhróidh ach Gaeilge i dTithe an Oireachtais, a ainmniú. Beidh Foras na Gaeilge ar lorg duine le saineolas ar fhorbairt na Gaeilge, a bhfuil taithí acu ar ionadaíocht a dhéanamh ar son na Gaeilge, agus a bheidh toilteanach gan ach Gaeilge a úsáid sa Seanad. Lena chois sin, beimid ar lorg duine a mbeidh ar a gcumas feachtas láidir toghchánaíochta a eagrú agus a reáchtáil.  

Is é meán lae (12:00) 06 Nollaig 2024 an dáta deiridh a ghlacfar le léirithe spéise. 

Críoch 

Tuilleadh eolais faoin bpróiseas: 

Tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge duine a roghnú  le seasamh sa toghchán don Seanad le hionadaíocht a dhéanamh ar son phobal na Gaeilge, agus chuige sin, is mian linn léirithe spéis a lorg ó dhaoine ar spéis leo seasamh sa toghchán don Seanad a chomhlíonfadh na critéir seo a leanas: 

  • Taithí 5 bliana ar bheith ag plé le gnéithe d’fhorbairt na Gaeilge; 
  • Saineolas ar fhorbairt na Gaeilge; 
  • Taithí ar ionadaíocht a dhéanamh don Ghaeilge; 
  • A bheith toilteanach gan ach Gaeilge a úsáid i Seanad Éireann. 

Bunaithe ar léirithe spéise a gheofar, roghnóidh painéal roghnúcháin an duine cuí le cur faoi bhráid Bhord Fhoras na Gaeilge lena n-ainmniú. Le cois na gcritéar riachtanach thuas, cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh sa phróiseas roghnúcháin: 

  • Fad agus nádúr an taithí ar bheith ag plé le gnéithe d’fhorbairt na Gaeilge; 
  • Réimsí agus leibhéil an tsaineolais go háirithe i réimsí an pholasaí agus na pleanála teanga ag leibhéal rialtais; 
  • Fad agus nádúr na hionadaíochta atá déanta don Ghaeilge; 
  • Cumas an iarrthóra feachtas toghchánaíochta a eagrú agus a reáchtáil. 

Nuair a bheidh an t-iarrthóir ainmnithe ag Foras na Gaeilge, beidh an t-iarrthóir sin go hiomlán neamhspleách ar Fhoras na Gaeilge, agus beidh siad ag gníomhú de réir a gcomhairle féin. Dá n-éireodh leo, bheadh Foras na Gaeilge ag súil go dtapódh an Seanadóir gach deis cur go láidir ar son na Gaeilge, ach is de réir a gcomhairle féin a phléifidís le ceisteanna eile a bheadh á bplé i Seanad Éireann. 

Ag brath ar líon na léirithe spéise a gheofaí, d’fhéadfaí próiseas gearrliostaithe agus agallaimh a reáchtáil chomh maith, bunaithe ar na critéir a chuirfí san áireamh sa phróiseas roghnúcháin, le duine a roghnú. 

Le spéis a léiriú agus le foirm iarratais a iarraidh, is cóir r-phost a sheoladh chuig: skeating@forasnagaeilge.ie 

Is é meán lae (12:00) 06 Nollaig 2024 an dáta deiridh a ghlacfar le foirm iarratais. 

Fiosruithe ó na meáin:  

Anna Davitt (Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge) 

Teil: 01 639 8400  

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie