Móramh i bhfabhar na Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus glúin Chomhaontú Aoine an Chéasta ar thús cadhnaíochta in athrú meoin

Preaseisiúint

Tá mórshuirbhé uile-oileáin tar éis athrú cinniúnach a nochtadh i ndearcthaí i leith na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, le daoine a tháinig ar an saol tar éis shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta ag teacht chun cinn leis an tacaíocht is láidre di.

Arsa Naomi Long, Aire Dlí agus Cirt i dTuaisceart Éireann, agus í ag seoladh na tuarascála ar an suirbhé in Stormont:

“Cuirim fáilte mhór roimh an tuarascáil seo agus a torthaí. Cé gur minic a phléitear an Ghaeilge i gcomhthéacs achrainn inár sochaí, creidim go n-aithnítear í níos mó agus níos mó mar chuid dár saibhreas cultúrtha comhroinnte. Mhúnlaigh an teanga ár dtuigbheáil ar áit, le mórán logainmneacha ag eascairt ón Ghaeilge. Déanann an spéis athnuaite sa Ghaeilge i measc ghlúin Chomhaontú Aoine an Chéasta na scoilteanna inár sochaí a shárú chomh maith, ag léiriú na saoirse atá ag daoine anois a bhféiniúlacht agus cultúr a fhiosrú le muinín.”

In An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge 2025, arna choimisiúnú ag Foras na Gaeilge agus arna dhéanamh ag Ipsos B&A i gcomhpháirt le taighdeoirí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, léirítear go bhfuil daoine níos óige i bhfad níos dearfaí maidir leis an nGaeilge ná glúnta níos sine.

Tá an tuarascáil, a rinne taighdeoirí ó Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath le linn an tsamhraidh in 2025, ar an tríú ceann i sraith de shuirbhéanna a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge ó bunaíodh é in 1999, agus léiríonn sé treocht shoiléir i dtreo dearcthaí ag feabhsú sa Tuaisceart i leith na Gaeilge.

Díol suntais is ea é nár thuairiscigh aon fhreagróir 18-24 bliain d’aois go raibh siad i gcoinne na teanga, agus dúirt 64% den aoisghrúpa seo go raibh siad i bhfabhar na Gaeilge. I measc an mhórdhaonra ó thuaidh, tacaíonn móramh soiléir (55%) anois leis an nGaeilge, ar méadú suntasach é ó shuirbhéanna roimhe seo, le 45% in 2013.

Tarraingíonn an suirbhé aird freisin ar aitheantas atá ag dul i méid ar thábhacht chultúrtha na Gaeilge: Aontaíonn 51% go gcaillfeadh Tuaisceart Éireann a fhéiniúlacht shainiúil gan an Ghaeilge, agus ní chreideann ach mionlach beag nár chóir don rialtas tacú leis an teanga.

Tá leibhéil líofachta fós measartha íseal i dTuasceart Éireann i gcomparáid leis an bPoblacht. Ach in ainneoin nach bhfuil ach rochtain theoranta ar dheiseanna an Ghaeilge a fhoghlaim i scoileanna ó thuaidh, thuairiscigh 19% leibhéil bhunúsacha nó arda líofachta, arb ionann é agus 366,000 cainteoir, agus shonraigh 8% acu siúd a ndearnadh suirbhé orthu (arb ionann é agus 154,000 cainteoir) go labhraíonn siad an teanga go laethúil nó go seachtainiúil. Luaitear sa tuarascáil go bhfuil athrú meoin ina bhonn ríthábhachtach don fhás amach anseo.

Nuair a fhiafraítear díobh an raibh siad ar son nó i gcoinne na teanga, tacaíonn tromlach de fhreagróirí sa dá chuid den oileán (55% i dTuaisceart Éireann) leis an nGaeilge. Níor chuir ach 3% ó thuaidh in iúl go raibh siad go mór i gcoinne na teanga, agus ba dhóchúla go mbeadh daoine a chuireann in iúl go bhfuil féiniúlacht Bhriotanach acu (23%) i gcoinne na Gaeilge. D’aontaigh tromlach i dTuaisceart Éireann (67%) gur chóir don rialtas Gaelscolaíocht a chur ar fáil mar a bhfuil éileamh ann.

“Léiríonn an tuarascáil is deireanaí seo patrún soiléir go bhfuil dearcthaí ag feabhsú i leith na Gaeilge ó thuaidh, atá ina chodarsnacht ghéar leis an dóigh a gcuirtear an cheist i láthair ar uairibh,” arsa Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. “Is díol suntais ar leith é an meon dearfach i measc an aosa óig, an dream is lú seans go mbeidh siad in éadan na Gaeilge.”

Príomhthorthaí – Tuaisceart Éireann

  • Duine ar bith i gcoinne na Gaeilge i measc daoine 18-24 bliain d’aois
  • 64% de dhaoine óga (18–24) ag tacú leis an nGaeilge
  • 55% san iomlán ag tacú leis an nGaeilge i dTuaisceart Éireann, suas ó 45% in 2013
  • Gan ach 3% go mór i gcoinne na teanga
  • 67% ar son Gaelscolaíocht a chur ar fáil mar a bhfuil éileamh ann
  • Chuirfeadh 26% de thuismitheoirí a gclann go Gaelscoil áitiúil, níos mó ná dhá oiread an chéatadáin a tuairiscíodh in 2013

Tuilleadh eolais:

Agallaimh leis na meáin: Chun agallamh a shocrú déan teagmháil le hAnna Davitt ar 087 293 7686 nó Loretta Ní Ghabháin ar 087-7997981

Cáipéisí breise agus grafaicí

Tá an tuarascáil iomlán, achoimre fheidhmeach agus grafaicí breise ar fáil ANSEO

Grianghraif

Scaipfear íomhánna is féidir a úsáid saor in aisce faoi thimpeall 4.30.

Cúlra

Bunaíodh Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann, ar an dara lá de mhí na Nollag 1999.

Colin J. Flynn agus Noel Ó Murchadha ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a rinne an staidéar i gcomhar le Ipsos B&A.

Foras na Gaeilge a choimisiúnaigh an staidéar le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le linn shamhradh 2025.

Forbraíodh agus bunaíodh an ceistneoir ar cheistneoir a bhí ann cheana atá in úsáid ó na 1970í i leith, agus a oiriúnaíodh chun Tuaisceart Éireann a chur san áireamh agus chun comhthéacs beartais agus sochaí inniu a léiriú.

Maidir leis na húdair

Ba é Colin J. Flynn céad údar na tuarascála seo. Is Ollamh Cúnta sa Teangeolaíocht Fheidhmeach é i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Ba é Noel Ó Murchadha an Príomhthaighdeoir sa tionscadal seo. Is Ollamh Comhlach é san Oideachas Teanga i Scoil an Oideachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.