Bígí Linn & Glacaigí Páirt: Dhá scéim nua seolta ag an Aire Calleary i gCeannáras Fhoras na Gaeilge
Preasráiteas
8 Iúil 2026
Chuir Foras na Gaeilge fáilte roimh an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, agus é ar cuairt ar Cheannáras Fhoras na Gaeilge ar Shráid Amiens inniu. Bhí an tAire i láthair le plé a dhéanamh leis an gCathaoirleach agus leis an bhfoireann Ardbhainistíochta ar an dul chun cinn atá déanta ó d’fhógair sé ardú maoinithe suntasach don fhoras forfheidhmithe Thuaidh Theas i dtús 2026.
Le linn a chuairte, bhreathnaigh sé ar rogha foilseachán a d'eisigh teach foilsitheoireachta Fhoras na Gaeilge, An Gúm, le deireanas agus ar mhúrphictiúr ar dhíon an cheannárais, a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge, agus a dhear an t-ealaíontóir Líadan Ní Chearbhaill, le ceiliúradh a dhéanamh ar Mhí an Bhróid 2026.
Chuir Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, agus an fhoireann Ardbhainistíochta riachtanais bhuiséid i láthair an Aire a léirigh na tosaíochtaí maoinithe a bheidh ag Foras na Gaeilge in 2027. Phléigh an Cathaoirleach leis an Aire an tábhacht go mbeadh creat maoinithe ilbhliantúil bonnlíne ann idir seo agus 2030 chun go mbeidh Foras na Gaeilge ábalta freastal ar an éileamh suntasach ón bpobal agus tacú leis na dúshláin in earnáil an oideachais agus óige. I measc na n-éileamh ón bpobal, beidh babhta eile de phríomhscéim phobail Fhoras na Gaeilge, Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, agus ciste méadaithe do na scéimeanna éagsúla a chuireann deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don phobal.
Pléadh an easpa soláthair cúram leanaí trí Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht leis an Aire, go háirithe i mBaile Átha Cliath, an áit is mó a bhfuil cainteoirí Gaeilge ann, an gá le cur chuige comhordaithe ag an Rialtas do mhúineadh na Gaeilge d’aosaigh, agus an infheistíocht atá de dhíth chun go mbeidh earnáil na Gaeilge ábalta dul i ngleic leis an gclaochlú sna réimsí digiteacha éagsúla.
Beidh €2.5m breise á lorg ag an bhforas trasteorann in 2027 le bheith in ann dul i ngleic leis na riachtanais éagsúla atá aitheanta acu.
Labhair an tAire Calleary le foireann Fhoras na Gaeilge faoi na tosaíochtaí atá aige don chuid eile de 2026 agus do 2027, le tógáil ar na forbairtí reachtúla is déanaí maidir le soláthar seirbhísí Gaeilge sa stát agus an tábhacht a bhaineann le hUachtaránacht an Aontais Eorpaigh don Ghaeilge agus d’iomlánú ar an stádas atá ag an nGaeilge mar theanga oibre i bParlaimint na hEorpa.
Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin:
“Fuair Foras na Gaeilge cluas éisteachta inniu maidir leis na deiseanna ollmhóra atá ann anois don Ghaeilge, ach na hacmhainní a bheith ar fáil le freastal orthu. Tá sé ríshoiléir ón tuarascáil taighde a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge le gairid go bhfuil pobail ar fud an oileáin ag éileamh go mbeadh Gaeilge ag daoine óga – go bhfuil siad ag santú deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid agus gur seo an t-am chun tógáil ar a bhfuil déanta bunaithe ar thorthaí an taighde. I ndiaidh cruinniú dearfach leis an Aire, tá mé cinnte go dtuigeann an tAire an t-éileamh d’úsáid na Gaeilge sa phobal agus an uaillmhian beartais don Ghaeilge, agus go mbeidh sé sásta sin a chur in iúl dá chomhghleacaithe ag bord an Rialtais.”
Sheol an tAire Calleary dhá scéim maoinithe nua atá fógartha ag Foras na Gaeilge, Bígí Linn agus Glacaigí Páirt, le linn na cuairte:
- Beidh sé mar aidhm ag Bígí Linn deiseanna úsáidte Gaeilge a éascú do phobail a bhfuil tearcionadaíocht acu i bpobal na Gaeilge; pobail mhionlaigh agus mionphobail eithneacha ar minic gan iad rannpháirteach in imeachtaí dírithe ar phobail na Gaeilge. Tá ciste €50,000 ar fáil don scéim seo.
- Díreoidh Glacaigí Páirt ar thacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí le páirt a ghlacadh i ngnáthghníomhaíochtaí ar bhonn rialta nó caitheamh aimsire trí Ghaeilge i gcomhthéacsanna sóisialta, neamhfhoirmiúla agus taitneamhacha.
Tá ciste €90,000 ar fáil don scéim seo.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn:
“Chuir an méadú de bhreis agus €2 milliún a cheadaigh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, d’Fhoras na Gaeilge níos luaithe i mbliana ar ár gcumas infheistíocht bhreise a dhéanamh i gcur chun cinn na Gaeilge ag leibhéil an phobail. Táimid ag súil go mór le tionchar na hinfheistíochta sin ar úsáid laethúil agus shóisialta na Gaeilge i measc grúpaí pobail a fheiceáil trí na scéimeanna nua a sheol an tAire inniu”
Tá na scéimeanna nua beo anois ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge anseo
Críoch
Grianghraif
Tá grianghraif curtha ar fáil ag Maxwells ach is féidir tuilleadh a fháil ar iarratas.
Tuilleadh eolais
Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge
Teil: 00 353 87 293 7686
Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie








