Clár Ceannaireachta agus Forbartha Óige trí Ghaeilge ó thuaidh

Tá Foras na Gaeilge ag fáiltiú roimh iarratais ó eagraíochtaí chun Clár Ceannaireachta agus Forbartha Óige trí Ghaeilge a chur i bhfeidhm ar bhonn réigiúnach ar fud Thuaisceart Éireann.
Stádas
Oscailte
Dáta Deiridh
9 Deireadh Fomhair 2026
Am atá fágtha
  • Uair
  • Nóim

Tá Foras na Gaeilge ag fáiltiú roimh iarratais ó eagraíochtaí chun Clár Ceannaireachta agus Forbartha Óige trí Ghaeilge a chur i bhfeidhm ar bhonn réigiúnach ar fud Thuaisceart Éireann.

Tá sé mar aidhm leis an gClár acmhainn earnáil óige na Gaeilge ó thuaidh a neartú trí cheannaireacht, oiliúint, meantóireacht, comhordú agus tacaíocht forbartha a chur ar fáil. Díreofar go háirithe ar cheannairí óga a fhorbairt; tacú le grúpaí agus pobail chun soláthar óige trí Ghaeilge a bhunú agus a fhorbairt; líonra ceannairí agus comhpháirtíochtaí a chothú; agus an bonneagar áitiúil a neartú, i gcomhthéacs na pleanála teanga agus na forbartha pobail.

Cuirfear maoiniú ar fáil d’eagraíocht amháin chun beirt Oifigeach Réigiúnach Óige a earcú agus clár cuimsitheach tacaíochta agus forbartha a chur i bhfeidhm. Beidh ar an eagraíocht rathúil taighde a dhéanamh ar an earnáil, riachtanais agus bearnaí sa soláthar a aithint, agus plean straitéiseach fianaise-bhunaithe a ullmhú d’fhorbairt fhadtéarmach earnáil óige na Gaeilge ó thuaidh.

Ní bheidh an eagraíocht rathúil freagrach as cláir óige a sheachadadh go díreach. Beidh a ról dírithe ar acmhainn, ceannaireacht agus inbhuanaitheacht na hearnála a fhorbairt, agus ar phobail agus eagraíochtaí eile a chumasú chun deiseanna rialta, ardchaighdeáin úsáide Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga.