Laoch ar Lár: Seosamh Mac Donncha 1953 – 2016

Is le croí trom a fhógraíonn Foras na Gaeilge gur cailleadh Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Seosamh Mac Donncha, ar an 20 Bealtaine. Is cailliúint mhór é Seosamh a bhí mar laoch ag lucht leanúna Chumann Lúthchleas Gael agus a raibh ardmheas air as na gaiscí a rinne ar an bpáirc imeartha agus ina shaol gairmiúil ar son an oideachais agus na Gaeilge. Ag labhairt inniu dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh go bhfuillaoch agus cara caillte againnagus go bhfágann bás Sheosaimhfolús mór i saol na Gaeilge agus na gcluichí Gaelacha trí chéile”.

Bhí Seosamh ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge ó mhí Feabhra 2002 go Márta 2006. I rith a thréimhse mar Phríomhfheidhmeannach, leag an bhunchloch d’fheidhmiú an Fhorais mar fhoras trasteorann uile-Éireann. Chaith tréimhse mar chomhalta ar Bhord Fhoras na Gaeilge ó 2011 go 2015. Cuireadh fáilte mhór roimh a cheapachán mar Chathaoirleach ar an 13 Nollaig 2015.

Déanann foireann agus Bord Fhoras na Gaeilge comhbhrón ó chroí le bean chéile Sheosaimh, Peig, lena bheirt iníonacha Muireann agus Éilis agus lena mhac Eoin. Ar dheis go raibh a anam.

Preaseisiúint iomlán ó Fhoras na Gaeilge anseoLaoch ar Lár - Seosamh Mac Donncha 1953-2016