Laoch ar Lár: Seosamh Mac Donncha 1953 – 2016

21 Bea

Is le croí trom a fhógraíonn Foras na Gaeilge gur cailleadh Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Seosamh Mac Donncha, ar an 20 Bealtaine. Is cailliúint mhór é Seosamh a bhí mar laoch ag lucht leanúna Chumann Lúthchleas Gael agus a raibh ardmheas air as na gaiscí a rinne sé ar an bpáirc imeartha agus ina shaol gairmiúil ar son an oideachais agus na Gaeilge. Ag labhairt dó inniu dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh go bhfuil “laoch agus cara caillte againn” agus go bhfágann bás Sheosaimh “folús mór i saol na Gaeilge agus na gcluichí Gaelacha trí chéile”.

Bhí Seosamh ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge ó mhí Feabhra 2002 go Márta 2006. I rith a thréimhse mar Phríomhfheidhmeannach, leag sé an bhunchloch d’fheidhmiú an Fhorais mar fhoras trasteorann uile-Éireann. Chaith sé tréimhse mar chomhalta ar Bhord Fhoras na Gaeilge ó 2011 go 2015. Cuireadh fáilte mhór roimh a cheapachán mar Chathaoirleach ar an 13 Nollaig 2015.

Déanann foireann agus Bord Fhoras na Gaeilge comhbhrón ó chroí le bean chéile Sheosaimh, Peig, lena bheirt iníonacha Muireann agus Éilis agus lena mhac Eoin. Ar dheis Dé go raibh a anam.

Preaseisiúint iomlán ó Fhoras na Gaeilge anseo: Laoch ar Lár - Seosamh Mac Donncha 1953-2016

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.