Laghdú nach beag ar dheontais Scéim na nImeachtaí Óige 16/17 ina ábhar díoma d’Fhoras na Gaeilge

Ag cruinniú de chuid Bord Fhoras na Gaeilge ar 1 Iúilceadaíodh deontais dar luach €182,876 do Scéim na nImeachtaí Óige 2016/17 a thugann deiseanna úsáide do dhaoine óga a spreagann iad chun an Ghaeilge a úsáid i mbealach spraíúil. Cuirfidh na deontais ar chumas na ndeontaithe ar a laghad 12 seisiún a eagrú, le linn thréimhse na scoilbliana, atá dírithe ar dhaoine óga idir 3 bliana agus 18 mbliana d’aois taobh amuigh den scoil.

Ag labhairt inniu, áfach, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, “ go bhfuil Foras na Gaeilge iontach sásta na deontais seo a fhógairt, díomá orainn nach raibh ar ár gcumas gach iarratas a bhí incháilithe a cheadú. D’fhógair muid an t-am seo anuraidh go raibh deontais ar luach €322,361.05 á gceadú do 74 tionscadal faoi Scéim na nImeachtaí Óige 15/16 agus laghdú suntasach tagtha ar líon na ndeontaithe reatha i mbliana, ceal airgid. Méadaíodh an t-éileamh ar an scéim i mbliana ach, as an 98 iarratas ar ardchaighdeán a fuaireamar, raibh ar ár gcumas ach 41 acu sin a mhaoiniú mar gheall ar chiorraithe ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge. Ar an drochuair, caillfidh níos 1,835 duine óg an deis freastal ar imeachtaí óige taobh amuigh den scoil i mbliana réir.”

Ceadaíodh na deontais do 41 tionscadal ar luach €182,876  ina iomláine don bhliain 16/17. Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl ag na tionscadail seo lena n-áirítear imeachtaí spóirt, drámaíochta, damhsa, ceoil, agus imeachtaí eile nach iad.

Is oth le Foras na Gaeilge an tionchar atá ag ciorruithe leanúnacha ar a ollbhuiséad, atá laghdaithe beagnach 25% le deich mbliana anuas, ar a chlár oibre, chomh maith lena dheontaithe. Leanfaidh Foras na Gaeilge ag déanamh a sheacht ndícheall ag iarraidh tuilleadh maoinithe a fháil le bronnadh ar ghrúpaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn agus a thacaíonnn le deiseanna úsáide Gaeilge.

* Críoch *

Tuilleadh eolais:

Gearóid Mag Uibhrín: gmaguibhrin@forasnagaeilge.ie / 0871779018