Séasúr nua de Siamsaíocht@6!

Beidh an chéad cheolchoirm den tsraith mhíosúilSiamsaíocht@6! á reáchtáil ag Gael Linn, Déardaoin, 20 Deireadh FómhairIs tríréad de chuid an  Raw Bar Collective a chuirfidh tús leis an séasúr nua a bheidh ar siúl in Amharclann Chúirt an Phaoraigh, atá suite ar an dara hurlár den ionad siopadóireachta, Teach Cathrach Chúirt an Phaoraigh, gar do Shráid Grafton, i lár chathair Bhaile Átha Cliath.     

Triúr ceoltóirí a bhfuil aithne fhorleathan orthu atá mar ancairí sa ghrúpaan fliúiteadóir Conal Ó Gráda ó Chorcaigh, Benny McCarthy as Port Láirge a sheinneann an bosca ceoil agus an mileoidean agus, de bhunadh Uíbh Fhailí, an fidléir, Dave SheridanAg seinnt le chéile le tamall fada de bhlianta anois, díríonn an Raw Bar Collective ar ghaol a chothú lena gcuid éisteoirí. Cuireann siad a gcuid ceoil i láthair le croíúlacht, le meas is le greannBíonn an-tóir orthu seinm ag féilte ceoil i gcéin is i gcóngar.   dhá albam eisithe ag an ngrúpa – ‘Millhouse Measures’ sa bhliain 2011, agus an ceann is déanaí gcuid, ‘Ag Fógairt an Lae’ a tháinig ar an saol le cúpla anuas.

Is cinnte go mbeidh tráthnóna de cheol eisceachtúil le cloisteáil  ón Raw Bar Collective ag a gceolchoirm in Amharclann Chúirt an Phaoraigh, tráthnóna Déardaoin, 20 Deireadh Fómhair ! Is ag 6p.m. a chuirfear tús le cúrsaí agus leanfaidh an scléip go dtí 8p.m. Níl ach líon beag ticéad ar fáil, ar chostas réasúnta €10 an ceann agus beidh rogha sólaistí ar fáil le ceannach san ionad. Is áirithint a dhéanamh roimhré ag 087 254 7574 niamh@gael-linn.ie.

Tuilleadh eolaisNiamh de Búrca 01 675 3303 niamh@gael-linn.ie