Séasúr nua de Siamsaíocht@6!
Beidh an chéad cheolchoirm den tsraith mhíosúil ‘Siamsaíocht@6!’ á reáchtáil ag Gael Linn, Déardaoin, 20 Deireadh Fómhair. Is tríréad de chuid an Raw Bar Collective a chuirfidh tús leis an séasúr nua a bheidh ar siúl in Amharclann Chúirt an Phaoraigh, atá suite ar an dara hurlár den ionad siopadóireachta, Teach Cathrach Chúirt an Phaoraigh, gar do Shráid Grafton, i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Triúr ceoltóirí a bhfuil aithne fhorleathan orthu atá mar ancairí sa ghrúpa: an fliúiteadóir Conal Ó Gráda ó Chorcaigh, Benny McCarthy as Port Láirge a sheinneann an bosca ceoil agus an mileoidean agus, de bhunadh Uíbh Fhailí, an fidléir, Dave Sheridan. Ag seinnt le chéile le tamall fada de bhlianta anois, díríonn an Raw Bar Collective ar ghaol a chothú lena gcuid éisteoirí. Cuireann siad a gcuid ceoil i láthair le croíúlacht, le meas is le greann! Bíonn an-tóir orthu seinm ag féilte ceoil i gcéin is i gcóngar. Tá dhá albam eisithe ag an ngrúpa – ‘Millhouse Measures’ sa bhliain 2011, agus an ceann is déanaí dá gcuid, ‘Ag Fógairt an Lae’ a tháinig ar an saol le cúpla mí anuas.
Is cinnte go mbeidh tráthnóna de cheol eisceachtúil le cloisteáil ón Raw Bar Collective ag a gceolchoirm in Amharclann Chúirt an Phaoraigh, tráthnóna Déardaoin, 20 Deireadh Fómhair ! Is ag 6p.m. a chuirfear tús le cúrsaí agus leanfaidh an scléip go dtí 8p.m. Níl ach líon beag ticéad ar fáil, ar chostas réasúnta €10 an ceann agus beidh rogha sólaistí ar fáil le ceannach san ionad. Is gá áirithint a dhéanamh roimhré ag 087 254 7574 nó niamh@gael-linn.ie.
Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01 675 3303 nó niamh@gael-linn.ie