Scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí Gaeilge Fógartha

scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí le reáchtáil ag tús mhí na Nollag in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. an scrúdú seo dírithe ar dhaoine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu agus nár ghnóthaigh an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí go dtí seo. Reáchtálfar an scrúdú Sathairn an 2 Nollaig 2017 in dhá ionad de chuid na hollscoile:

  • Campas Chathair na Gaillimhe
  • Ionad na hOllscoile, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Is cáilíocht ghairmiúil aitheanta d’aistritheoirí Gaeilge é an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí a bhunaigh Foras na Gaeilge in 2006. Ó cuireadh tús leis an bpróiseas creidiúnaithe seo d’éirigh le 194 duine an Séala a bhaint amach an Séala ar an ngradam gairmiúil is tábhachtaí ar fad do shaoraistritheoirí Gaeilge a bhíonn ag lorg oibre ó eagraíochtaí de chuid na hearnála poiblí agus ó chliaint eile. Cuirtear ainm agus sonraí teagmhála gach duine a ghnóthaíonn an Séala ar phainéal d’aistritheoirí creidiúnaithe a fhoilsíonn Foras na Gaeilge, agus is ón bpainéal sin a earcaítear aistritheoirí Gaeilge den chuid is .

Líon teoranta áiteanna atá ar fáil don scrúdú; tabharfar tús áite, bhrí sin, do na hiarratais is túisce a gheofar ghlacfar le hiarratais tar éis 4 p.m. Déardaoin an 16 Samhain 2017.

tuilleadh eolais faoi scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí le fáil anseo.