Céim Stairiúil do Phobal Labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht

Don chéad uair i stair na hÉireann bronnfar aitheantas oifigiúil náisiúnta ar phobail taobh amuigh den Ghaeltacht a thacaíonn le húsáid laethúil na Gaeilge i measc a bpobal.

cúig phobal roghnaithe: Béal Feirste, Co. Aontroma; Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe; Carn Tóchair, Co. Dhoire; Cluain Dolcáin, Co. Átha Cliath; agus Inis, Co. an Chláir, le hiarratas a dhéanamh chuig an Aire an stádas oifigiúilLíonra Gaeilge’ a bhaint amach.

Bronnfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an stádasLíonra Gaeilge’ ar na pobail, tar éis plean Gaeilge, plean a bheas le cur i ngníomh thar thréimhse 5-7 bliain (Acht na Gaeltachta, 2012), a bheith comhaontaithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge.

feachtas poiblíochta cruthaithe chun an pobal a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid go laethúil. ‘Gaeilge le Chéile’ - Trí Chéim Shimplí: Gaeilge a úsáid -  Gach , Gach Áit, le Gach Duine

  “Go bunúsach táimid ag iarraidh go mbeidh níos Gaeilge le cloisteáil agus le feiceáil sa cheantar tríd níos deiseanna a chruthú agus a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid gach , ag tosú le rud simplí ar nósGo raibh maith agat’ agusSlán’ a úsáid gach , gach áit le gach duineBainfidh na ceantair seo tairbhe as próiseas pleanála agus as infheistíocht sa todhchaí bharr”, Brian Ó Gáibhín, Líonra Chluain Dolcáin.

SeoladhGaeilge le Chéile’ agus naLíonraí Gaeilge’ go hoifigiúil ar an Déardaoin 22 Feabhra 2018 i bPáirc an Chrócaigh ag 11 a.m. agus bhí Bernard Dunne i láthair mar aoi speisialta. Bhí an tAire Joe McHugh TD i láthair ar an fosta.

Tuilleadh Eolas:

Brian Ó Gáibhín:  +353-87-2844195 / brian@araschronain.ie

Pádraig Ó Tiarnaigh:  +44-77-16690237 / Padraig@cnag.ie

Féach fósta: www.glc.ie / Facebook / Instagram / Twitter - @ GaeilgeLC

Aguisín: ACHT NA GAELTACHTA, 2012

11.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, pobal sonraithe, seachas pobal i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta i limistéar Gaeltachta, a ainmniú chun bheith ina Líonra Gaeilge.

(2) Maidir le pobal a shonrófar in ordú arna dhéanamh faoi fho- alt (1),

is pobal é

(a) a thacaíonn le húsáid na Gaeilge, agus

(b) a chomhaontaigh plean Gaeilge dtagraítear a chur i ngníomh.

 

Aguisín 2: 

Bronnfaidh Foras na Gaeilge an stádasLíonra Gaeilge’ ar na pobail i dTuaisceart Éireann, tar éis plean Gaeilge, plean a bheas le cur i ngníomh thar thréimhse 5-7 bliain, a bheith comhaontaithe ag Foras na Gaeilge.