Luach €500,000 de dheontais ceadaithe ag Foras na Gaeilge

lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go mbeidh 86 champa samhraidh á reáchtáil ar fud fad an oileáin le linn an tsamhraidh. Tabharfaidh Scéim na gCampaí Samhraidh 2018, a fógraíodh níos luaithe i mbliana, an deis do dhaoine óga idir 3 agus 18 mbliana déag freastal ar imeachtaí spóirt, drámaíochta, damhsa, ceoil, agus scannánaíochta chomh maith le turais. Ceadaíodh deontais dar luach €174,712, uasmhéid €2,500 £1,750 an ceann, do 86 champa éagsúil i mbliana.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Le linn Bhliain na Gaeilge 2018, is cúis dóchais dom go bhfuil méadú 25% tagtha ar líon na gcampaí a bheidh á maoiniú ag Foras na Gaeilge ó 2016 agus súil againn go leanfaidh an treocht seo san am amach romhainn. Léiríonn Scéim na gCampaí Samhraidh an t-éileamh leanúnach atá ar dheiseanna do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil. Níl aon amhras orm ach go mbeidh tionchar dearfach ag na campaí ar úsáid na Gaeilge i gceantair éagsúla as Iarthar Bhéal Feirste go Cathair Chorcaí agus go seasfaidh n-eispéireas leis an 3,883 pháiste a bheidh ag freastal ar na campaí i mbliana.”

 

Ceadaíodh luach €116,379 de dheontais do 46 fhéile a bheidh á reáchtáil in 2018 trí Scéim na bhFéilte. Cuireann Scéim na bhFéilte maoiniú ar fáil d’fhéilte a bhfuil mar aidhm acu na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge go dátheangach mar dhlúthchuid den fhéile. Tugann na féilte ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta do na healaíona agus is mór an tionchar a bhíonn acu ar phobal na Gaeilge agus ar an mórphobal i gcoitinne.

 

Ceadaíodh luach €208,896 do 18 gcomplacht drámaíochta, idir amaitéarach, phroifisiúnta agus nua-bhunaithe, a bhfuil mar aidhm acu drámaíocht na Gaeilge a chothú, a fhorbairt agus a chur ar fáil d’earnáil na n-ealaíon, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal, agus don earnáil oideachais.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Is mór an tionchar a bheidh ag na 46 fhéile agus ag na 18 gcomplacht drámaíochta ar ceadaíodh maoiniú dóibh. Bíonn tábhacht leis na féilte seo hamháin do chainteoirí Gaeilge sa phobal, ach le hardán a chur ar fáil d’oirfidigh lena n-ealaín a chur i láthair. Lena chois sin, tábhachtach a aithint gur pobail luchta féachana don drámaíocht Ghaeilge a chothú agus a fhorbairt, rud a bheidh mar aidhm ag na complachtaí drámaíochta ar ceadaíodh deontais dóibh.”

 

Críoch

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175     Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie