Amhrán Nua-Chumtha á lorg don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019

Amhrán Nua-Chumtha á lorg don

Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019

Agus €1,000 le buachaint!

Amhrán Gaeilge Nua-Chumtha á lorg don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019. Is comórtas é seo chun amhrán a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019. foláir na hiarratais a bheith as Gaeilge agus is na focail agus an ceol a bheith nua chumtha.

Fáilteofar roimh gach saghas iarratais idir amhráin traidisiúnta, pop amhráin, amhráin tíre, rac, snagcheol srl. Cuirfear fáilte roimh iarratais suas go dtí an Aoine, 1ú Feabhra 2019. Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo ag an gComórtas Náisiúnta a bheidh ar siúl in Amharclann GB Shaw , Ceatharlach ar an Satharn, 23ú Márta, 2019

 Déanfaidh IMRO i gcomhar le Pan Cheilteach agus Gael Linn urraíocht ar an gcomórtas agus beidh duais  €1,000 don bhuaiteoir.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Ghlór Cheatharlach ar 087 2857048, 085 1340047 scríobh chuig pancelticcarlow@gmail.com 

Is é an seoladh d’iarratais faoi 1ú Feabhra 2019 Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Bóthar Bhriain, Ceatharlach   R93 Y020

ag cumadh agus agus ag canadh!