Amhrán Nua-Chumtha á lorg don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019
Amhrán Nua-Chumtha á lorg don
Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019
Agus tá €1,000 le buachaint!
Tá Amhrán Gaeilge Nua-Chumtha á lorg don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019. Is comórtas é seo chun amhrán a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019. Ní foláir na hiarratais a bheith as Gaeilge agus is gá na focail agus an ceol a bheith nua chumtha.
Fáilteofar roimh gach saghas iarratais idir amhráin traidisiúnta, pop amhráin, amhráin tíre, rac, snagcheol srl. Cuirfear fáilte roimh iarratais suas go dtí an Aoine, 1ú Feabhra 2019. Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo ag an gComórtas Náisiúnta a bheidh ar siúl in Amharclann GB Shaw , Ceatharlach ar an Satharn, 23ú Márta, 2019.
Déanfaidh IMRO i gcomhar le Pan Cheilteach agus Gael Linn urraíocht ar an gcomórtas agus beidh duais €1,000 don bhuaiteoir.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Ghlór Cheatharlach ar 087 2857048, 085 1340047 nó scríobh chuig pancelticcarlow@gmail.com
Is é an seoladh d’iarratais faoi 1ú Feabhra 2019 ná Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach R93 Y020
Bí ag cumadh agus agus ag canadh!