Am an Phobail: Carn Tóchair #ÁrdTeangaFéin

hiad pobal Charn Tóchair

pobal beag tuaithe ina bhfuil 200 teaghlach i gceantar Shleacht Néill, faoi Shliabh Charn Tóchair, ar imeall Mhachaire Rátha, Co. Dhoire. Bhí an ceantar ag bánú thar na blianta, dúshlán a raibh tionchar aige ar chúrsaí teanga, ar ghnáthóga traidisiúnta éiceolaíochta agus ar an earnáil talmhaíochta.

Bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair in 1992 le hathghiniúint a dhéanamh ar cheantar Shleacht Néill agus Charn Tóchair agus le tionscadail timpeallachta, eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha a chur chun cinn sa cheantar.

athbheochan na Gaeilge lárnach d'éiteas an choiste forbartha agus gach tionscadal curtha chun cinn go dátheangach acu. pobal óg, beofuinniúil Gaeilgeoirí a bhfuil fís gheal acu don cheantar i mbun athbheochan na Gaeilge faoi láthair.

Bhí Carn Tóchair i measc 5 phobal labhartha Gaeilge a fuair aitheantas oifigiúil mar líonra Gaeilge in 2015. Ba í seo an chéad uair a bronnadh stádas oifigiúil leithéid ar cheantair taobh amuigh den Ghaeltacht.

Croílár an Phobail

siopa, siopa caife, áislann, amharclann, club óige agus club iarscoile i measc na seirbhísí atá ag freastal ar phobal Charn Tóchair trí Ghaeilge. ranganna Gaeilge agus ceoil, ciorcail chomhrá, cúrsaí oiliúna agus seisiúin reifléacseolaíochta do bhabaithe agus do pháistí san áislann á soláthar go háitiúil.

Féile phobalbhunaithe is ea Féile Charn Tóchair a dhéanann ceiliúradh ar chultúr, teanga, timpeallacht agus oidhreacht seandálaíochta cheantar Mhachaire Rátha. Anuas ar Fhéile Charn Tóchair, reáchtálann an pobal Feis Charn Tóchair a chuireann cultúr agus athbheochan na Gaeilge chun cinn rannóga san fheis atá oiriúnach do gach duine óg, idir naíscoil, Ghaelscoil, bhunscoileana agus meánscoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc iontu.

Conas a thacaíonn Foras na Gaeilge le Carn Tóchair?

Is trí Scéim na gCampaí SamhraidhScéim Pobal Gaeilge 2016-2020, Líonraí Gaeilge, Scéim na bhFéilte, Scéim na gCampaí Samhraidh agus Scéim na nImeachtaí Óige a chuir Foras na Gaeilge tacaíocht ar fáil do Charn Tóchair in 2018.

suim agat eolas sa bhreis a fháil faoinár scéimeanna maoinithe agus faoin tacaíocht ar fáil duitse líon an bosca teagmhála thíos agus beimid i dteagmháil leat.  

Tuilleadh eolais

tuilleadh eolais faoin tacaíocht a thugann Foras na Gaeilge don phobal sa leabhrán Am an Phobail.

tuilleadh eolais faoi líonraí Gaeilge ar fáil ar #GaeilgeleChéile.

Is féidir teacht ar liosta iomlán scéimeanna Fhoras na Gaeilge anseo