Blag #LeChéile: Seisiún ceisteanna agus freagraí le hÓgie Ó Céilleachair

Is múinteoir agus scríbhneoir as an Rinn Contae Phort Láirge é Ógie Ó Céilleachair a bhfuil roinnt úrscéalta scríofa aige le blianta beaga anuas.

Cathain a chuir suim sa scríbhneoireacht?

I Meánscoil San Nioclás sa Rinn bhíodh orainn sceitseanna a scríobh agus iad a chur ar stáitse an Phátrúin, an 6 Nollaig. Thaitin sin go mór liom. Níor thosaigh ag scríobh go dáiríre go raibh san ollscoil in UCC.

Céard é an rud is a thaitníonn leat faoi bheith ag scríobh.

An rud a nglaoitear "state of flow" air. Sin nuair atá smaoineamh bunúsach agat ach go ligtear na maidí rámha píosa agus insíonn an scéal é féin.

Cad é an chéad leabhar ar thit i ngrá leis?

Run to Earthle Tom McCaughren.

Cén carachtar ficseanúil is go déanfá ionannú leo?

Dhéanfainn ionannú le roinnt d’éiginnteacht Hamlet.

na scríbhneoirí is a thaitníonn leat?

Is breá liom stíl Laighléis. Bhí tionchar ana-mhór aige ar mo chuid scríbhneoireachta. Áine Fhoghlú chomh maith, taitníonn a stíl go mór liom, an tslí go bhfuil ábalta píosaí a chur le chéile mar mhíreanna mearaí ach go háirithe.

Ó thaobh an Bhéarla de is maith liom Shakespeare ar ndóigh, Roddy Doyle, Blindboy Boatclub freisin.

Cad í an chomhairle ab fhearr a cuireadh ort riamh?

Ón uair go raibh cúig bliana déag d’aois go dtí go raibh sna luathfhichidí bhí ag obair in ollmhargadh i nDún Garbhán. Bhí fear darb ainm Tommy ag obair ann. Nuair a bhí an ardteist ar siúl agam bhí dhá phíosa comhairle a chuir orm i gcónaí. “Faigh do thicéad” (ie. an Ardteist a dhéanamh) agusDéan do dhícheall i gcónaí. Fad is atá do dhícheall déanta agat bheidh éinne ábalta dada a leat”. Níl fhios agam cén fáth a d’fhan liom.

Cén paisean is i do shaol?

Aon rud bainteach le Gaeilge agus/ cruthaitheacht.

Cén áit ar scríobh do leabhair?

Scríobh Cúpla sa chéad seomra a thóg ar cíos nuair a thosaigh ag obair i Luimneach. Scríobh Katfish in árasán cois trá a thóg ar cíos ar oileán Fuertaventura.

Céard a thugann inspioráid duit do do scéalta?

Gráinní de scéalta a chloisim, iompar a thugaim ndeara, nuair a chuirim ceist orm féin "Cad a tharlódh ...?"

na trí rud ( níos ) a mholfá do dhuine atá ag iarraidh tosú ag scríobh?

  1. bíodh eagla ort botún a dhéanamh.
  2. ag súil go dteipfidh ort roinnt uaireanta.
  3. Fan leis

 

bhfuil do chuid leabhar ar fáil?

Sna siopaí leabhar timpeall na tíre go háirithe siopaí atá bainteach le Love Leabhar Gaeilge, An Siopa Leabhar ag Conradh na Gaeilge, ar líne ó Chló Iar-Chonnacht agus mar ríomhleabhar ar iBooks agus a leithéid chomh maith.

 

podchraoladh nua ag Ógie faoina chuid leabhar do na daltaí ag déanamh staidéir ar na leabhair. Podcast Ógie an t-ainm air.