Tréaslaíonn Foras na Gaeilge le hÁine Ní Ghlinn, Laureate na nÓg

Tréaslaíonn Foras na Gaeilge a ceapachán mar Laureate na nÓg leis an scríbhneoir, file agus iriseoir, Áine Ghlinn. Is í Áine an chéad údar a scríobhann i nGaeilge amháin ar bronnadh an gradam seo uirthi. cáil bainte amach ag Áine i réimse litríocht na n-óg agus cuid mhaith gradam bronnta uirthi. Bronnadh Gradam Réics Carló ar Áine trí huaire as na saothair Daideo in 2014, Hata Mhamó in 2016 agus Boscadán in 2019 mar chuid de Ghradaim Foilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge.

Ag fáiltiú roimh an gceapachán, dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Mar dhuine a bhfuil a oiread sin déanta aici le litríocht na Gaeilge a chur i mbéal an phobail, mar údar, mar mheantóir ar scríbhneoirí eile, agus mar thráchtaire ar litríocht na Gaeilge, fhéadfaí duine níos fearr a roghnú le healaín na scríbhneoireachta a chur chun cinn i measc daoine óga agus iad a spreagadh chun léitheoireachta i nGaeilge i mBéarla.”

Guíonn Foras na Gaeilge gach rath ar Áine ina cúram nua as seo go 2022.

Is féidir beathaisnéis Áine Ghlinn a léamh ar portraidí.ie agus gach eolas faoina ceapachán ar fáil ar shuíomh gréasáin Laureate na nÓg anseo.