Dán an Domhnaigh #LeChéile: STANISLAV PETROV le Seosamh Ó Murchú

Ba mhaith linn an dán seo, “STANISLAV PETROVa roinnt libh mar chuid den tsraithDán an Domhnaigh”. Scríobh Seosamh Ó Murchú é. #LeChéile

STANISLAV PETROV 

I gcuimhne ar laoch a ligeadh i ndearmad 

Fuineadh na gréine gile 

Á searradh féin i gcéin 

Ar imeall thiar na míthuisceana 

Is an naimhdis ilchríche 

Chuir mearbhall is míobhán 

Ar idéil is ar eolaíocht araon 

Is d’fhág agatsaStanislav Petrov

Leathuair an chloig glan 

Chun d’aigne righin Shlavach 

A chóiriú chun catha síthe

 

Agus thugais dúinn cairde 

 feadramar  fhad 

Agus thugais dúinn faoiseamh 

Nár thuill dúinn aon stad

 

Shéalaigh do chríonnacht 

Gan fhios don saol mór 

Ach maireann fós san éasc 

Idir solas agus contúirt 

An tráth sin a mbíonn 

An feacht is an taoide 

Ag rith in aghaidh a chéile 

An chiontacht is an feall 

Ag méarnáil ar an gcoinsias 

Tráth tarraingthe na gcos

 

Seosamh Ó Murchú:

I Loch Garman a rugadh Seosamh Ó Murchú agus is i mBaile Átha Cliath atá cónaí air le fadaIareagarthóir ar Comhar is ea é agus bhí ina chomhbhunaitheoir agus ina chomheagarthóir ar an irisleabhar liteartha, Oghma. Bronnadh Gradam Filíochta Mhichíl Airtnéide ar a chéad chnuasach filíochta, Taisí Tosta. In 2019 a foilsíodh Athchuairt, an dara cnuasach leis. ina Eagarthóir Sinsearach sa Ghúm.

Foinse: Focail agus dán le Seosamh Ó Murchú