Dán an Domhnaigh #LeChéile: STANISLAV PETROV le Seosamh Ó Murchú

Ba mhaith linn an dán seo, “STANISLAV PETROV ” a roinnt libh mar chuid den tsraith “Dán an Domhnaigh”. Scríobh Seosamh Ó Murchú é. #LeChéile

STANISLAV PETROV 

I gcuimhne ar laoch a ligeadh i ndearmad 

Fuineadh na gréine gile 

Á searradh féin i gcéin 

Ar imeall thiar na míthuisceana 

Is an naimhdis ilchríche 

Chuir mearbhall is míobhán 

Ar idéil is ar eolaíocht araon 

Is d’fhág agatsa, Stanislav Petrov, 

Leathuair an chloig glan 

Chun d’aigne righin Shlavach 

A chóiriú chun catha nó síthe. 

 

Agus thugais dúinn cairde 

Ná feadramar cá fhad 

Agus thugais dúinn faoiseamh 

Nár thuill dúinn aon stad. 

 

Shéalaigh do chríonnacht 

Gan fhios don saol mór 

Ach maireann fós san éasc 

Idir solas agus contúirt 

An tráth sin a mbíonn 

An feacht is an taoide 

Ag rith in aghaidh a chéile 

An chiontacht is an feall 

Ag méarnáil ar an gcoinsias 

Tráth tarraingthe na gcos. 

 

Seosamh Ó Murchú:

I Loch Garman a rugadh Seosamh Ó Murchú agus is i mBaile Átha Cliath atá cónaí air le fada. Iareagarthóir ar Comhar is ea é agus bhí sé ina chomhbhunaitheoir agus ina chomheagarthóir ar an irisleabhar liteartha, Oghma. Bronnadh Gradam Filíochta Mhichíl Uí Airtnéide ar a chéad chnuasach filíochta, Taisí Tosta. In 2019 a foilsíodh Athchuairt, an dara cnuasach leis. Tá sé ina Eagarthóir Sinsearach sa Ghúm.

Foinse: Focail agus dán le Seosamh Ó Murchú