Dán an Domhnaigh #LeChéile: Just Add Potato – do Dhónall ar a Lá Mór Breithe, 15 Bealtaine 2020 le hAifric Mac Aodha

Ba mhaith linn an dán seo, “Just Add Potatoa roinnt libh mar chuid den tsraithDán an Domhnaigh”. Scríobh Aifric Mac Aodha é. #LeChéile

Focail Faoin Dán:

Bhíos ag gearán le deartháir liom nach raibh uaim sa saol ach curry chips, agus sheol Knorr’s Medium Curry Sauce chugam sa phost mar aon leis an nótaJust Add Potato’. Le breith ar a chineáltas in aimsir an chuibhrithe, chumas an píosa seo breithe.

Just Add Potato

Nuair a d’inis go pusach
go raibh a sáith aici faoin tráth seo
den iora glas is eireaball dosach
ar an staighre éalaithe
sa ghairdín cúil i gCúil-na-Greina
agus go dtabharfadh a dhá súil
ar sceallóga Aprile ar maos in anlann,

Is iomaí fear eile ann
a chuirfeadh in iúl dheirfiúr
de rois nárbh aon chabhair
an cineál sin criongáin
agus é seasta sa scuaine,
ag feitheamh ar a sheal san ollmhargadh,
an turas breithlae go Meiriceá curtha ar ceal
agus an chloch mhíle ag dul sa mhuileann air.

hamháin gur fhan an mac lár báire,
soirbhíoch an teaghlaigh, ina thost,
ach chuir Knorr’s Medium Curry Sauce,
riar a cáis, chuici sa phost.

Aifric Mac Aodha:

Aifric Mac Aodha ag obair ina heagarthóir cúnta leis an nGúm. D’fhoilsigh An Sagart an chéad chnuasach filíochta léi, Gabháil Syrinx, sa bhliain 2010. Chaith seal ina heagarthóir ar Comhar agus, le tamall de bhlianta, ag obair ina heagarthóir filíochta ar The Stinging Fly, gorse agus Trumpet. Bhronn An Chomhairle Ealaíon mórchuid sparánachtaí uirthi agus bhain an chéad duais san Oireachtas sa bhliain 2016. Chuir The Gallery Press cnuasach léi i gcló le déanaí, Foreign News (aistriúcháin le David Wheatley, 2017).

Foinse: Focail agus dán le Aifric Mac Aodha