Dán an Domhnaigh #LeChéile: Éiceolaí, le Biddy Jenkinson

Ba mhaith linn an dán seo, “Éiceolaía roinnt libh mar chuid den tsraithDán an Domhnaigh”. Scríobh Biddy Jenkinson é. #LeChéile

Éiceolaí

bean béal dorais a choinníonn caoi ar a teach,
a fear, a mac,
is a shíleann gairdín a choinneáil mar iad, go baileach.
Beireann deimheas ag an uile rud a fhásann.
maith léi fiántas.
fhoighníonn le galar smál féileacán bán
piast ag piastáil
Is maith léi an bláth a ligfeadh a phiotail ar lár.

Cuirim feochadáin chuici ar an ngaoth.
Téann mo sheilidí de sciuird oíche ag ithe a cuid leitíse.
Síneann na driseacha agamsa a gcosa faoin bhfál.
Is ar an bhféar aici siúd a dhéanann mo chaothainnse
cuileanna glasa a thál.

bean béal dorais a choinneodh a gairdín faoi smacht
ach fada go mbainfimid deireadh dúile misneach.

Biddy Jenkinson

Focail faoin dán
Ón uair go bhfuil gairdin breá ag an scríbhneoir  anois - prátaí agus fataí ann, úlla, rósanna, leitís, piseanna, pónairí agus ceapach coirce ( cearca) d’fhéadfaí a gurb í féin an bhean béal dorais anoisFoilsíonn Coiscéim dánta agus scéalta léi agus í dóchasach.

Focail agus dán le Biddy Jenkinson