Dán an Domhnaigh #LeChéile: Éiceolaí, le Biddy Jenkinson

Ba mhaith linn an dán seo, “Éiceolaí ” a roinnt libh mar chuid den tsraith “Dán an Domhnaigh”. Scríobh Biddy Jenkinson é. #LeChéile

Éiceolaí

Tá bean béal dorais a choinníonn caoi ar a teach,
a fear, a mac,
is a shíleann gairdín a choinneáil mar iad, go baileach.
Beireann sí deimheas ag an uile rud a fhásann.
Ní maith léi fiántas.
Ní fhoighníonn le galar ná smál ná féileacán bán
ná piast ag piastáil
Is ní maith léi an bláth a ligfeadh a phiotail ar lár.

Cuirim feochadáin chuici ar an ngaoth.
Téann mo sheilidí de sciuird oíche ag ithe a cuid leitíse.
Síneann na driseacha agamsa a gcosa faoin bhfál.
Is ar an bhféar aici siúd a dhéanann mo chaothainnse
cuileanna glasa a thál.

Tá bean béal dorais a choinneodh a gairdín faoi smacht
ach ní fada go mbainfimid deireadh dúile dá misneach.

Biddy Jenkinson

Focail faoin dán
Ón uair go bhfuil gairdin breá ag an scríbhneoir  anois - prátaí agus fataí ann, úlla, rósanna, leitís, piseanna, pónairí agus ceapach coirce (dá cearca) d’fhéadfaí a rá gurb í féin an bhean béal dorais anois.  Foilsíonn Coiscéim dánta agus scéalta léi agus í dóchasach.

Focail agus dán le Biddy Jenkinson