Agallamh le hEimear Finan – Buaiteoir Ghradam Smedia

Bhí an-áthas ar Fhoras na Gaeilge tacú leis na Gradaim Smedia i mbliana, ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas Iriseoireacht trí Ghaeilge. Aithníonn na gradaim seo caighdeán ard iriseoireachta i measc mac léinn. D’éirigh le hEimear Finan, rúnaí ar an gCumann Gaelach i gColáiste na Trionóide agus eargarthóir sóisearach ar The University Times, an comórtas seo a bhuachan lena halt, Fostaíocht san Aontas Eorpach – Iniúchadh ar Chúrsaí Dlí agus Gaeilge. Diríonn an t-alt seo ar na deiseanna atá ar fáil san Eoraip dóibh sin a bhfuil suim agus cruinneas sa Ghaeilge acu agus cuireann ceist cén fáth nach bhfuil cúrsa sa Dlí agus Gaeilge ar fáil do mhic léinn Choláiste na Trionóide. éagsúlacht le feiceáil i scríbhneoireacht Eimear, í ag obair le téamaí éadroma chomh maith le scéalta níos dáiríre, mar atá le feiceáil san alt seo.

go bhfuil Gaeilge líofa ag Eimear, bhí ionadh uirthí nuair a chonaic ar na meáin shóisialta go raibh Smedia buaite aicí. “ raibh ag súil leis, bhí ríméad orm,” a dúirt .

Bhí suim i gcónaí ag Eimear i gcúrsaí iriseoireachta agus i dteangacha. Múinteoir Gaeilge is ea máthair Eimear, Mary, agus d’fhás an tsuim a bhí aici sa teanga i ndiaidh di maidin chaife a eagrú do chairde agus comharsana, spreagtha ag an bhfeachtas The Gathering. “Bhí cairde liom agus tuismitheoirí leo ag an teach agus bhí gach éinne ag úsáid na Gaeilge a bhí acu,” a deir liom faoin ócáid. “Bíonn níos Gaeilge ag daoine mar a cheapann siad.”

Lean Eimear léi leis an nGaeilge, ag freastal ar an nGaeltacht roimh di an ardteist a dhéanamh agus ag glacadh páirte i scéim cónaithe na mac léinn agus í sa choláiste. Bhí freagrachtaí ag baint le bheith mar chuid den scéim seo agus i measc na bhfreagrachtaí sin, rinne Eimear agus cairde leí gníomhaíochtaí mar chéilí agus comórtas Mr & Mrs a eagrú trí Ghaeilge, mar aon leis an amhrán Send Me on My Way a aistriú go Gaeilge, le foilsiú ar na meáin shóisialta. “Bhí an Ghaeilge mar chuid speisialta dár saol agus bhíomar sásta í a scaipeadh san ollscoil. Rinnemar Jailbreak a reachtáil chomh maith agus bhí mar chuardaitheoir.”

Rinne Eimear bliain a chaitheamh in Albain i ndiaidh di an scoil a fhágáil, ag fanacht lena deirfiúr agus a fear agus ag fáil taithí oibre in oifig dlíodóra. “Bhí an-suim agam i gcúrsaí dlí agus d’fhoghlaim an-chuid le linn na bliana,” a mhíníonn . go bhfuil ag baint taitnimh as an gcúrsa, ag déanamh machnaimh ar céard ba mhaith léi a dhéanamh sa todhchaí. “Níl beartaithe agam céard ba mhaith liom a dhéanamh go fóill, ach leanfaidh leis an nGaeilge agus leis an scríbhneoireacht.” leibhéal B2 ag Eimear i dTeastas Eorpach na Gaeilge, agus i gceist aici leanúint leis an teanga i slite éagsúla amach anseo. an-suim aici dioplóma san aistriúchán a ghnóthú ó Óstaí an . Mar a deir féin, “Beidh réidh don saol oibre ag an bpointe sin.

Sinéad Nic Gearailt