#CéMuid – Ruth Bailey

feachtas nua tosaithe ag an bhForas le baill foirne a chur in aithne don phobal. Ba mhaith linn Ruth Bailey a chur in aithne daoibh!

Réimse: Oifigeach cléireachas seirbhísí/teicneolaíocht na faisnéise

Ionad: Sráid Amiens, Baile Átha Cliath

Ról: Is mise an fáilteoir, an chéad aghaidh a fheiceann agus ag siúl tríd an doras, an chéad ghuth a chloiseann agus ar an bhfón linn agus an chéad phointe teagmhála trí ríomhphoist a thagann ón suíomh. Is ball den mheitheal feasachta chomh maith, áit a mbím ag cuidiú le feachtais ar na meáin shóisialta, ag cruthú ábhair le haghaidh na meán sóisialta, agus bím ag tabhairt freagraí ar cheisteanna agus postálacha daoine ar na meáin shóisialta. Anuas air seo bím ag cuidiú le tionscadal theicneolaíocht na faisnéise le mo bhainisteoir líne Micheál Ó Maolruanaidh.

Cad é an ghné den obair is a thaitníonn leat?: Is breá liom bualadh le daoine nua agus cabhair a thabhairt dóibh siúd atá á lorg. Anuas ar seo, bainim an-taitneamh as a bheith ag obair leis na baill foirne eile.

Conas a thacaíonn do chuid oibre le cur chun cinn na Gaeilge?: Bím ag cur na Gaeilge chun cinn ar na meáin shóisialta. Táim ag tabhairt tacaíochta don fhoireann chun a gcuid oibre a chur chun cinn.

Cad iad na pleananna i do réimse amach anseo?: Táim ag iarraidh cabhair níos láidre a thabhairt don mheitheal feasachta agus feachtas dhó eile a chur i gcrích chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Beidh ag tacú leis na tionscadail teicneolaíochta faisnéise amach anseo atá chun éifeachtacht Fhoras na Gaeilge a fheabhsú agus, bharr sin, feabhas a chur ar ár seirbhís do chustaiméirí.