Ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin 2020

leabhair Ghaeilge ar shár-chaighdeán ainmnithe le haghaidh na nGradam Foilsitheoireachta i mbliana. Is féidir teacht ar na leabhair agus na húdair a bhí ainmnithe le haghaidh Gradam Shúilleabháin thíos anseo. Comhghairdeas mór leo ar fad, go háirithe le buaiteoir na bliana Ó Laighléis, a scríobh an leabhar Máchail - Scéalta Díoltais, foilsithe ag Móinín.

MÁCHAIL le Ó Laighléis, foilsithe ag MóinínSnátha as a chéile á dtrasnú féin go sciliúil ealaíonta i dtáipéis dhraíochtúil an scéil íogair seo. Scéal atá go hiomlán ar an sprioc maidir le cúrsaí na linne seo. Scéal diamhair, scéal eachtraíochta, scéal fealsúnachta. Saothar atá eisceachtúil ar an uile bhealach!

AN DIABHAIL DÉANTA le Joe Steve Ó Neachtain, foilsithe ag Cló Iar-ChonnachtSa chnuasach gearrscéalta seo, cíortar ábhair an saol mór ag brú isteach ar an mbaile beag, saincheisteanna sóisialta, an rachmas ag streachailt leis an mbochtanas, agus an grá agus an briseadh croí in árach a chéile gan stad gan staonadh.

SA TEACH SEO ANOCHT le Micheál Ó Conghaile, foilsithe ag Cló Iar-ChonnachtIs úrscéal nua é seo ó pheann Mhíchíl Chonghaile. Insíonn an leabhar seo scéal fear atá ar siúl amach agus a theach a fhágáil, an teach inar rugadh agus tógadh é, agus a theaghlach ina dhiaidh.

CROÍ CINE cnuasaithe ag Seán de Fréine, foilsithe ag Cló Iar-ChonnachtIs cnuasach uathúil scríbhneoireachta í Croí Cine a sholáthraíonn réamhrá cuimsitheach fairsing ar scríbhneoireacht na Gaeilge, a shíneann siar chomh fad leis na 1600í go dtí deireadh an 20ú haois. Is cnuasach é seo de na céadta sleachta gairide as litríocht na Gaeilge - scothshamplaí den fhilíocht, de nathanna cainte, agus de scríbhneoireacht shaibhir na Gaeilge ó cuireadh peann Éireannach le pár i gcéaduair sa séú céad.

AN BAILE BEAG GÉIMIÚIL: AMHRÁIN NA TRÁ BÁINE curtha in eagar ag Sinéad Ráinne, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht cáil i bhfad agus i ngearr ar an Trá Bháin, i gCeantar na nOileán i gConamara mar áit a bhfuil na trí nach féidir a fhoghlaim ­sa saolfonn, féile agus filíochtle fáil go fairsing ann. amhrán déag sa leabhar seo a cumadh sa cheantar féin, a chum daoine ón gceantar a chuaigh ar imirce. aiste chuimsitheach

Ar fáil anois le ceannacht:

https://www.siopaleabhar.com/

https://www.litriocht.com/

https://www.siopagaeilge.ie/

https://leabharbreac.com/