Ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin 2020

30 Sam

 

 

 

Tá leabhair Ghaeilge ar shár-chaighdeán ainmnithe le haghaidh na nGradam Foilsitheoireachta i mbliana. Is féidir teacht ar na leabhair agus na húdair a bhí ainmnithe le haghaidh Gradam Uí Shúilleabháin thíos anseo. Comhghairdeas mór leo ar fad, go háirithe le buaiteoir na bliana Ré Ó Laighléis, a scríobh an leabhar Máchail - Scéalta Díoltais, foilsithe ag Móinín.

MÁCHAIL le Ré Ó Laighléis, foilsithe ag Móinín – Snátha as a chéile á dtrasnú féin go sciliúil ealaíonta i dtáipéis dhraíochtúil an scéil íogair seo. Scéal atá go hiomlán ar an sprioc maidir le cúrsaí na linne seo. Scéal diamhair, scéal eachtraíochta, scéal fealsúnachta. Saothar atá eisceachtúil ar an uile bhealach!

AN DIABHAIL DÉANTA le Joe Steve Ó Neachtain, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Sa chnuasach gearrscéalta seo, cíortar ábhair an saol mór ag brú isteach ar an mbaile beag, saincheisteanna sóisialta, an rachmas ag streachailt leis an mbochtanas, agus an grá agus an briseadh croí in árach a chéile gan stad gan staonadh.

SA TEACH SEO ANOCHT le Micheál Ó Conghaile, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Is úrscéal nua é seo ó pheann Mhíchíl Uí Chonghaile. Insíonn an leabhar seo scéal fear atá ar tí siúl amach agus a theach a fhágáil, an teach inar rugadh agus tógadh é, agus a theaghlach ina dhiaidh.

CROÍ CINE cnuasaithe ag Seán de Fréine, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Is cnuasach uathúil scríbhneoireachta í Croí Cine a sholáthraíonn réamhrá cuimsitheach fairsing ar scríbhneoireacht na Gaeilge, a shíneann siar chomh fad leis na 1600í go dtí deireadh an 20ú haois. Is cnuasach é seo de na céadta sleachta gairide as litríocht na Gaeilge - scothshamplaí den fhilíocht, de nathanna cainte, agus de scríbhneoireacht shaibhir na Gaeilge ó cuireadh peann Éireannach le pár i gcéaduair sa séú céad.

AN BAILE BEAG GÉIMIÚIL: AMHRÁIN NA TRÁ BÁINE curtha in eagar ag Sinéad Ní Ráinne, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar an Trá Bháin, i gCeantar na nOileán i gConamara mar áit a bhfuil na trí ní nach féidir a fhoghlaim ­sa saol – fonn, féile agus filíocht – le fáil go fairsing ann. Tá sé amhrán déag sa leabhar seo a cumadh sa cheantar féin, nó a chum daoine ón gceantar a chuaigh ar imirce. Tá aiste chuimsitheach

Ar fáil anois le ceannacht:

https://www.siopaleabhar.com/

https://www.litriocht.com/

https://www.siopagaeilge.ie/

https://leabharbreac.com/

 

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.