Saoráil Faisnéise

Cód Cleachtais um Shaoráil Faisnéise do na Comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh / Theas agus Turasóireacht Éireann Teoranta.

Déanann Comhaontú na Breataine-na hÉireann foráil go ndréachtóidh Airí na hÉireann agus Thuaisceart Éireann a bhfuil freagracht acu as saoráil faisnéise Cód Cleachtais um Shaoráil Faisnéise do na comhlachtaí forfheidhmithe Thuaidh/Theas a bheadh le ceadú ag an gComhairle Aireachta Thuaidh / Theas le faomhadh ag CATT. Tá an Cód neamhreachtúil agus dréachtaíodh é faoi réir na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2000 in Éirinn agus The Freedom of Information Act, 2000 sa Ríocht Aontaithe.

Éascaíonn an Cód rochtain phoiblí ar fhaisnéis atá á coimeád ag na sé chomhlacht fordheidhmithe Thuaidh/Theas agus Turasóireacht Éireann Teoranta ar roinnt bealaí. Déanann sé foráil gur chóir do gach comhlacht cineálacha áirithe faisnéis a fhoilsiú a bhaineann lena fheidhmeanna, struchtúir, eagrúchán agus seirbhísí, mar aon le cur síos ginearálta ar an gcineál faisnéise a bhíonn á choimeád ag an gComhlacht sin. Leagann sé amach an próiseas inar féidir le ball den phobal faisnéis atá ar coimeád ag an gcomhlacht a iarraidh, na céimeanna a chaithfidh an comhlacht a ghlacadh chun freagairt ar iarratas agus an tréimhse ama faoinar chóir don chomhlacht freagairt d’iarratas de ghnáth. Tá áis sa Chód freisin do bhaill den phobal ráiteas a fháil faoi na cúiseanna a bhí le gníomh de chuid comhlachta a raibh tionchar aige ar an duine.

Leagann an tAguisín leis an gCód síos na catagóirí faisnéise atá díolmhaithe. Má rangaítear an fhaisnéis atá á hiarraidh faoi chatagóir a liostaítear i gCuid 1 den Aguisín, ní gá don chomhlacht an fhaisnéis a scaoileadh. Má rangaítear an fhaisnéis atá á hiarraidh faoi chatagóir atá áirithe i gCuid 2, ní mór don chomhlacht imscrúdú leas an phobail a dhéanamh agus iad ag cinneadh gur cheart nó nár cheart an fhaisnéis a scaoileadh.

Déanann an Cód foráil d’athbhreithniú inmheánach ar chinntí a ghlacann an comhlacht faoin gCód.

Tá an ceart ag baill den phobal dul i dteagmháil le ombudsman má shíleann siad nár láimhseáil comhlacht a n-iarratas go cuí.

Tá taifid ar pháipéar agus taifid leictreonacha mar gheall ar a oibríochtaí ar coimeád ag Foras na Gaeilge. Nuair a fhaightear iarratais a fhéadfar plé leo faoin gCód um Shaoráil Faisnéise, cláraítear iad agus cuirtear admháil chuig iarratasóirí. Déantar taighde ansin chun clár na dtaifead ábhartha a chur le chéile. I gcás gur féidir déileáil le hiarratais ar fhaisnéis ar bhealach níos fusa nó níos éifeachtúla ná trí ghnásanna an Chóid, féadfar na féidearthachtaí sin a phlé leis an iarratasóir a luaithe agus is féidir. Dá réir sin, dá mhéad eolais teagmhála a chuireann an t-iarratasóir ar fáil, is amhlaidh is fearr. Moltar go láidir d’iarratasóirí An Cód Cleachtais um Shaorail Faisnéise a léamh roimh iarratas a dhéanamh.

Is cóir ceisteanna faoi Shaoráil Faisnéise a chur chuig:

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
Foras na Gaeilge
63-66 Sráid Amiens,
Baile Átha Cliath 1.

Nó ar ríomhphost chuig saorailfaisneise@forasnagaeilge.ie

Íoslódaigh an Cód Cleachtais um Shaoráil Faisnéise