Ainmniúchán do Sheanad Éireann
Tá Foras na Gaeilge cláraithe ar Rollaí Ainmniúcháin Sheanad Éireann le haghaidh thoghcháin Sheanad Éireann, de réir Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Rolla Comhaltaí), 1947 – 2015, ar Rolla Saíochta agus Oideachais sa Chlár do Chomhlachtaí Ainmniúcháin.
Tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge duine a roghnú anois le seasamh sa toghchán don Seanad le hionadaíocht a dhéanamh ar son phobal na Gaeilge, agus chuige sin, is mian linn léirithe spéis a lorg ó dhaoine ar spéis leo seasamh sa toghchán don Seanad bunaithe ar na critéir seo a leanas:
Critéir Riachtanacha
- Taithí 5 bliana ar bheith ag plé le gnéithe d’fhorbairt na Gaeilge;
- Saineolas ar fhorbairt na Gaeilge;
- Taithí ar ionadaíocht a dhéanamh don Ghaeilge;
- A bheith toilteanach gan ach Gaeilge a úsáid i Seanad Éireann.
Bunaithe ar léirithe spéise a gheofar de bharr an fhógra seo, roghnóidh painéal roghnúcháin an duine cuí lena chur faoi bhráid Bhord Fhoras na Gaeilge lena n-ainmniú.
Le cois na gcritéar riachtanach thuas, cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh sa phróiseas roghnúcháin:
Critéir a chuirfear san áireamh sa phróiseas roghnúcháin
- Fad agus nádúr an taithí ar bheith ag plé le gnéithe d’fhorbairt na Gaeilge;
- Réimsí agus leibhéil an tsaineolais go háirithe i réimse polasaí agus pleanáil teanga ag leibhéal rialtais;
- Fad agus nádúr na hionadaíochta atá déanta don Ghaeilge;
- Cumas an iarrthóra feachtas toghchánaíochta a eagrú agus a reáchtáil.
Bunaithe ar líon na léirithe spéise a gheofar, is féidir go mbeidh próiseas gearrliostaithe agus agallaimh i gceist, bunaithe ar na Critéir a chuirfear san áireamh sa phróiseas roghnúcháin, le duine a roghnú.
Le spéis a léiriú agus le foirm léirithe spéise a iarraidh, is cóir rphost a sheoladh chuig:
Is é meán lae (12:00) 06 Nollaig 2024 an dáta deiridh a ghlacfar le foirm léirithe spéise.