Aitheantas Speisialta do Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin ag Duais Litríochta an AE, 2022

Aitheantas Speisialta bainte ag an úrscéal Gaeilge Madame Lazare ag an European Union Prize for Literature 2022, a fograíodh ag Aonach Leabhar Pháras, tráthnóna Dé hAoine 22 Aibreáin.  Is é Tadhg Mac Dhonnagáin a scríobh agus is é seo an chéad úrscéal uaidh.

Is iad Literature Ireland an eagraíocht a d’ainmnigh an t-úrscéal agus an t-údar le hionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an EU Prize for Literature agus is é Madame Lazare an chéad leabhar Gaeilge riamh a ainmníodh. Bhí sé ar cheann de cheithre leabhar déag a bhí san iomaíocht, leabhar amháin ó cheithre thír déag, ar fud Mhór-Roinn na hEorpa. Bronnadh aitheantas speisialta ar shé cinn d’údair, ina measc Gaea Schoeters, An Bheilg; Slađna Nina Perković, An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin; Jacobo Bergareche, An Spáinn; Eugenia Kuznetsova, An Úcráin agus buaiteoir na mórdhuaise,  Iva Pezuashvili, an tSeoirsia dá úrscéal ‘A Garbage Chute’.

Scéal é faoi bhean óg Francach, Levana, atá bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana Lazare, seanmháthair Levana, a theith ina cailin óg di óna tír dhúchais I dtuaisceart na hEorpa, an t-aon duine dá muintir a tháinig slán ó shlad na Naitsíoch. Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana I ndeireadh a saoil, sceitheann bluirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéíle.  Seoltar an bhean óg ar aistear a thugann uirthi gach rud a dúirt a seanmháthair riamh léi a cheistiú. De réir mar ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go cósta thiar na hÉireann, druideann Levana leis an fhírinne faoina seanmháthair agus leis an tubaiste ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare.

Bronnadh gradam An Post don Leabhar Gaeilge is Fearr ar Madame Lazare in 2021.

Ag labhairt dó faoin ngradam dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin “Is rímhór agam an onóir seo, ar an gcéad dul síos a bheith ainmnithe thar ceann na hÉireann agus anois a bheith roghnaithe i measc na n-údar don aitheantas speisialta seo. Ceann de na príomh-aidhmeanna atá leis an EUPL ná leabhair a chur á léamh taobh amuigh de na tíortha agus na pobail teanga inar scríobhadh iad. Fíorú aislinge a bheadh ann dom a leithéid sin a fheiceáil ag tarlú le Madame Lazare.”

Tá Madame Lazare ar fáil fud fad na tíre i siopai maithe leabhar. Is é Barzaz, inphrionta do dhaoine fásta de chuid an chomhlachta Futa Fata, a d’fhoilsigh.