An Bosca Leabharlainne seolta ag an Aire Oideachais, Norma Foley TD

Inniu, an 1 Márta, rinne Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, ceiliúradh ar An Bosca Leabharlainne, atá seolta ag an Aire Oideachais, Norma Foley TD. I gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon, tá 55,000 leabhar á seoladh go breis agus 1,800 scoil le mí anuas.

Seo an méid a bhí le rá ag an Aire Oideachais, Norma Foley TD:

' Is deacair teacht ar aon chaitheamh aimsire a thugann níos mó taitnimh nó tairbhe ná léitheoireaacht agus caithfimid gach rud gur féidir linn a dhéanamh chun an tsuim sin a spreagadh i ndaoine óga. Sin an fáth go bhfuil lúcháir orm inniu an tionscadal seo a sheoladh i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon. Ár mbuíochas go deo as an tsár-obair agus an gcur chuige atá déanta ag Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, gur féidir le páistí ar fud na tíre taitneamh a bhaint anois as cruthaitheacht agus ceolmhaireacht sheanchas na hÉireann inár dteanga dhúchais.'

 

Is é an fhís atá ag Áine Ní Ghlinn mar Laureate na nÓg ná léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh mar chaitheamh aimsire, ní mar ‘obair bhaile’ amháin. Anois go bhfuil scoth na leabhar Gaeilge ar fáil ina gcuid scoileanna féin, tá an deis sin ag páistí ar fud na tíre. I ndiaidh an tseolta, reáchtáladh ceardlann litríochta le páistí ag Gaelscoil Lios na nÓg, Raghnallach.

 

Seo an méid a bhí le rá ag Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn:

'Tá ríméad orm go bhfuil An Bosca Leabharlainne ar an mbealach anois chuig scoileanna ar fud na tíre. Tá an-chuid oibre déanta ag gach duine a raibh baint acu leis an togra ollmhór seo. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Leabhair Pháistí Éireann, An Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge as an deis seo a thabhairt dom, as an tacaíocht ar fad - idir obair agus mhaoiniú - a thug siad domsa agus don Bhosca Leabharlainne. Tá 55,000 leabhar d’ardchaighdeán imithe amach anois chuig scoileanna ar fud na tíre agus tá súil agam go mbainfidh páistí agus múinteoirí spraoi agus sult, taitneamh agus tairbhe as na Boscaí Leabharlainne go léir'

 

Tháinig tacaíocht don tionscadal, atá ar scála i bhfad níos mó ná mar a samhlaíodh ar dtús, ón gComhairle Ealaíon, agus ó Fhoras na Gaeilge.

 

Seo mar a labhair Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn:

'Aithníonn Foras na Gaeilge ríthábhacht na léitheoireachta i gcur chun cinn na Gaeilge. Cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí agus d’fhoilsitheoirí le go mbeidh siad in ann leabhair den chéad scoth a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Tá lúcháir orainn a bheith a tacú leis an phríomhthionscadal atá ag Áine Ní Ghlinn mar Laureate na nÓg. Tá leabhair iontacha roghnaithe do na boscaí leabharlainne. Músclóidh na leabhair suim na bpáistí sa léitheoireacht agus cuideoidh na hacmhainní breise le múinteoirí agus iad ag spreagadh na bpáistí agus ag cothú léitheoirí don todhchaí'.

 

Bhí an méid seo le rá ag Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly:

‘Ó chuir an Chomhairle Ealaíon tús le Laureate na nÓg in 2010, chuir an meon flaithiúlachta a léirigh gach Laureate ina gcláir phoiblí iontas an domhain orainn. Trína sárobair mar ealaíontóir cruthaitheach, tá Áine Ní Ghlinn tar éis grá do theanga agus do scéalta a dhaingniú cheana leis na glúine léitheoirí. Anois, leis an gclár uaillmhianach seo, éascóidh Áine arís paisean don léitheoireacht as Gaeilge do leanaí ar fud na tíre, ar scála atá inspioráideach agus leitheadach.’

 

Idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh, méadóidh tionchar an tionscadail, le clár ealaíontóirí cónaithe i bhfeidhm i scoil agus fiche. Mar aon leis na leabhair féin, tá acmhainní breise ar fáil do gach scoil, i bhfoirm leabhrán tacaíochta agus físcheardlanna le scríbhneoirí, ar shuíomh an Laureate, childrenslaureate.ie

 

#anboscaleabharlainne