An Coiste Téarmaíochta tar éis dhá théarma LADTA+ nua a fhaomhadh agus a chur le bunachar tearma.ie le linn Mhí an Bhróid

Tá an Coiste Téarmaíochta tar éis glacadh le dhá téarma nua a bhaineann leis an bpobal LADTA+ a cuireadh faoina bhráid ag cruinniú na míosa seo, agus dá réir, táthar tar éis an dá théarma nua a chur le tearma.ie, an bunachar náisiúnta téarmaíochta don Ghaeilge, a bhíonn á bhainistiú ag grúpa taighde Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta, Foras na Gaeilge.

Tá d’aidhm ag an gCoiste Téarmaíochta téarmaíocht údarásach chaighdeánach Ghaeilge a fhorbairt, a fhaomhadh agus a chur ar fáil chun tacú leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide i sochaí nua-aoiseach. Tionóltar cruinnithe míosúla den Choiste, grúpa deonach ar a mbíonn tuairim is 25 ball, a cheaptar ar feadh tréimhse trí bliana. Socraíonn an Coiste Téarmaíochta prionsabail téarmaíochta, déanann siad an obair a phleanáil agus a mhaoirsiú, ceapann siad téarmaí, déileálann siad le fiosruithe ilghnéitheacha ón bpobal agus le ceisteanna aistriúcháin ó oifigí Gaeilge an AE, agus bunaíonn siad fochoistí saineolaithe de réir mar is gá.

Agus fostaithe Fhoras na Gaeilge i mbun plé ar na bealaí a d’fhéadfaimis tacú le Mí an Bhróid i mbliana, tarraingíodh anuas an tábhacht a bhaineann le téarmaí cruinne údarásacha don té atá ag iarraidh a fhéiniúlacht féin a thuiscint agus a chur in iúl don saol mór. Aontaíodh gur cheart dúinn spotsolas a chur ar an téarmaíocht aiteach sa nGaeilge le linn na míosa mar chuid den cheiliúradh agus pléadh na féidearthachtaí lenár gCoiste Comhionannais, ár dtéarmeolaithe inti, chomh maith le foireann Gaois, i bhFiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tar éis dúinn na féidearthachtaí a phlé, socraíodh go ndéanfaí leagan speisialta LADTA+ den sraith leanúnach Téarma an Lae, ina roinntear téarmaí ó bhunachar téarmaíochta tearma.ie ar na meáin shóisialta. Chinneamar go roinnfí téarmaíocht aiteach ar feadh na míosa, téarmaíocht a chabhródh le pobal LADTA+ na Gaeilge iad féin a chur in iúl, cur síos cruinn a dhéanamh orthu féin agus ar a bhféiniúlacht, agus a scéalta agus mianta féin a roinnt leis an saol ina rogha teanga féin.

Tosaíodh ar liosta téarmaí a thiomsú le chéile don sraith postálacha agus mar chéim tosaithe sa bpróiseas seo, cuireadh na téarmaí aiteacha i mbunachar téarmaíochta tearma.ie agus sa bhFoclóir Aiteach i gcomparáid lena chéile. Cé gur chabhraigh an Coiste Téarmaíochta leis an bpróiseas a bhain leis an dara leagan den Fhoclóir Aiteach a chur i dtoll a chéile, agus go bhfuil breis is 186,000 iontráil dhátheangach ar fáil sa mbunachar ar an suíomh, tugadh faoi deara go raibh roinnt téarmaí luaite sa bhFoclóir Aiteach nach raibh le fáil ar tearma.ie.

Rinneadh liosta de na téarmaí nach raibh le fáil ar tearma.ie agus fiosraíodh lenár dtearmeolaithe intí dá mbeadh sé indéanta na téarmaí úd a chur faoi bhráid an Choiste ag cruinniú na míosa seo, le linn mhí an Bhróid. D’aontaigh na téarmeolaithe dua breise a chur orthu féin agus a dhul as a mbealach le cinntiú go mbeadh na téarmaí ar liosta na dtéarmaí nua a bhí le plé ag cruinniú na míosa sin. Cuireadh liosta de na téarmaí faoi bhráid an Choiste, rinneadh mioniniúchadh ar chiall agus ar chomhthéacs úsáide na bhfocal agus pléadh roghanna éagsúla de leaganacha Gaeilge féideartha, agus faoi dheireadh an chruinnithe, faomhadh leaganacha údarásacha de phéire téarmaí nua, ‘aitigh’, is é sin ‘to queer’ (mar bhriathar), agus ‘malartóir’ ag freagairt don téarma Béarla ‘switch’. Cuireadh an dá théarma nua le bunachar an tsuímh gan mhoill, agus tá siad ar fáil don phobal i gcoitinne anois.

Is réimse ar leith é an téarmaíocht LADTA+ a mbíonn fás agus forbairt ag teacht air go seasta, go háirithe sa mBéarla, agus dá réir sin, tá sé an-tábhachtach an soláthar téarmaíochta sin a chinntiú i dteangacha eile chomh maith, go háirithe i gcás teanga mhionlaithe, dála na Gaeilge. Tá comhghairdeas mór tuillte ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn as an sárobair a rinne siad agus as an éacht a bhain siad amach leis an bhFoclóir Aiteach. Tá ár mbunachar téarmaíochta níos saibhre anois dá bharr. Táimid an-sásta go raibh muid in ann tacú leis an obair seo i mbealach beag agus is mór an onóir dúinn é a bheith ag tacú le grúpaí éagsúla i bpobal na Gaeilge oiread agus is féidir i gcónaí, óir creidimid go láidir gur le cách í an Ghaeilge.

Má bhíonn tú féin sa tóir ar théarma ar leith nach bhfuil ar fáil ar tearma.ie, is féidir leaganacha Gaeilge de théarmaí nua a iarraidh ar an gCoiste, ach an fhoirm fiosraithe a líonadh. Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le foireann an Choiste Téarmaíochta ach ríomhphost a sheoladh chuig tearmai@forasnagaeilge.ie nó trí ghlaoch ar 01-6398418.

Is féidir teacht ar fhoilseacháin de chuid Gaois a bhaineann leis an téarmeolaíocht anseo. Más maith leat coinneáil suas leis an téarmaíocht, an téarmeolaíocht agus forbairtí nua, is féidir clárú le nuachtlitir Gaois, blag Gaois a léamh, nó coinneáil suas le Téarma an Lae ar TwitterInstagram agus Facebook. Is féidir scéal tionscadail tearma.ie a léamh anseo. Is féidir clárú le nuachtlitir Fhoras na Gaeilge anseo.