An dá mhilliún úsáideoir i dtréimhse bliana sáraithe ag an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge den chéad uair

Is cúis mhór áthais d’Fhoras na Gaeilge gur bhreathnaigh breis is dhá mhilliún úsáideoir ar shuíomh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, foclóir.ie, sa tréimhse bliana idir 1 Aibreán 2018 agus 31 Márta 2019. Is é seo an chéad uair ó seoladh an suíomh i mí Eanáir 2013 a sáraíodh líon dhá mhilliún úsáideoir ar an suíomh in aon tréimhse bliana. Sa tréimhse bliana seo breathnaíodh ar níos mó ná 25 milliún leathanach.

I gcomparáid leis an tréimhse chéanna ama an bhliain roimhe sin (1 Aibreán 2017 agus 31 Márta 2018), tá ardú 23% tagtha ar líon na n-úsáideoirí agus ardú 29% ar líon na leathanach.

In Éirinn atá 67% d’úsáideoirí an fhoclóra, i Meiriceá atá 18% díobh agus sa Bhreatain atá 7% díobh.

Ó thaobh na teicneolaíochta de, baineann breis is 60% d’úsáideoirí an tsuímh úsáid as fóin phóca chun rochtain a fháil air. Ar ríomhairí deisce a bhíonn 30% díobh agus ar tháibléid a bhíonn an chuid eile.

Seoladh suíomh foclóir.ie i mí Eanáir 2013 agus cuireadh iontrálacha leis gach sé mhí go dtí mí Eanáir 2017. Tá nach mór 48,000 iontráil agus 130,000 aonad céille ar an suíomh. Tá foireann an fhoclóra anois ag obair ar an leagan clóite den fhoclóir atá le foilsiú an bhliain seo chugainn.