An Ghaeilge i gCroílár an Chluiche – Tionchar Fadtéarmach fágtha ag tionscadal Gaeilge CLG na Mumhan
Dé Máirt, 31 Márta 2026
Tiocfaidh deireadh i mí an Mhárta le tionscadal trí bliana de chuid CLG na Mumhan, a cuireadh i bhfeidhm i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, leis an aidhm úsáid na Gaeilge a fheabhsú, a fhorbairt agus a chur chun cinn ar fud Chúige Mumhan trí struchtúir agus gníomhaíochtaí CLG.
Le linn thréimhse na scéime mhaoinigh Foras na Gaeilge post oifigeach forbartha Gaeilge do CLG na Mumhan ar an tsamhail chéanna agus a cuireadh i bhfeidhm le CLG Uladh roimhe seo. Thug an post seo tacaíocht, treoir agus oiliúint do chlubanna, do bhoird chontae, do scoileanna agus do phobail, agus forbraíodh raon leathan gníomhaíochtaí agus imeachtaí Gaeilge dá bharr.
Ceapadh Aedín Ní Bhriain mar oifigeach forbartha Gaeilge don tréimhse, agus ba í a stiúir agus a chomhordaigh cur i bhfeidhm laethúil na scéime. Le linn shaolré an tionscadail cuireadh béim ar fheiceálacht agus ar úsáid na Gaeilge ag cluichí móra agus réigiúnacha, ar ábhar Gaeilge i gcláir agus ar ardáin dhigiteacha, chomh maith le hoiliúint agus acmhainní a chur ar fáil do bhaill foirne, d’oifigigh agus do choistí. Forbraíodh comhpháirtíochtaí láidre le heagraíochtaí Gaeilge, cruthaíodh deiseanna nádúrtha úsáide do dhaoine óga agus do dhaoine fásta araon agus forbraíodh scéim scoláireachta chuimsitheach do dhaoine óga le freastal ar an nGaeltacht.
Bhí Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, agus Príomhfheidhmeannach CLG na Mumhan, Kieran Leddy, i láthair ag cruinniú deiridh na scéime in Áras Mumhan, Luimneach, Déardaoin an 22 Eanáir, mar chuid de phróiseas dúnta an tionscadail, a bheidh le críochnú go hoifigiúil ag deireadh mhí an Mhárta. Pléadh buaicphointí na hoibre agus an tairbhe shuntasach a bhain leis an tionscadal ar fud Chúige Mumhan. Aontaíodh gur fhág an scéim oidhreacht dhearfach, struchtúir bhuana agus tionchar fadtéarmach ar úsáid agus ar mheon i leith na Gaeilge i saol CLG sa chúige, agus go dtógfaí ar an obair sin amach anseo. Tá Foras na Gaeilge tiomanta do thacaíocht a thabhairt do thionscadail den chineál céanna amach anseo.
Leanfaidh Aedín Ní Bhriain ina ról le CLG na Mumhan agus beidh sí fostaithe go díreach ag CLG amach anseo, rud a chinnteoidh leanúnachas na hoibre. Leanfaidh sí dá cuid oibre ar chur chun cinn na Gaeilge sa chúige agus beidh sí ag obair i gcomhar leis an oifigeach i gCúige Uladh agus leis an Oifigeach Forbartha Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh ar thionscnaimh náisiúnta. Léiríonn an cinneadh seo tiomantas leanúnach CLG don Ghaeilge agus aithnítear an rath agus an tionchar dearfach a bhain leis an tionscadal.
Dúirt Cathaoirleach CLG na Mumhan, Tadhg Ó Murchú, “Tá áthas ar CLG na Mumhan leanúint leis an tionscnamh seo, tar éis 3 bliana dár dtionscadal píolótach le Foras na Gaeilge. Bhí, agus beidh, cur chun cinn ár dteanga dúchais i gcónaí i gcroílár CLG mar eagraíocht, agus táimid ag tnúth le leanúint lenár n-oidhreacht shaibhir agus ár dteanga a cheiliúradh do na glúnta atá le teacht.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tríd an chomhpháirtíocht luachmhar seo le CLG, tá dul chun cinn mór déanta ag CLG i gCúige Mumhan, le CLG Uladh agus le Ceanncheathrú CLG i bPáirc an Chrócaigh le blianta beaga anuas. Beimid ag súil le tógáil ar na forbairtí sin i gCúigí Laighean agus Chonnacht amach anseo bunaithe ar an dea-shampla atá leagtha síos ag cúigí Mumhan agus Uladh”
Críoch
Tuilleadh eolais
Ed Donnelly,Bainsteoir Cumarsáide, CLG na Mumhan
Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid. Feasacht & Margaíocht, Foras na Gaeilge
📧 adavitt@forasnagaeilge.ie
Grianghraf

Sa ghrianghraf tá: Seán Ó Coinn (Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge), Aedín Ní Bhriain (Oifigeach Forbartha Gaeilge CLG na Mumhan), Kieran Leddy (Príomhfheidhmeannach CLG na Mumhan) agus Colm Ó hArgáin (Foras na Gaeilge)
