Dán an Domhnaigh #LeChéile: An Logha – Aoine Chéasta

Seo dán a scríobh Ceaití Ní Bheildiúin darb ainm "An Logha".  Is meantóir í Ceaití faoi Scéim Meantóireachta Fhoras na Gaeilge ó 2013. Tugann an scéim seo deis do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta comhairle faoina gcuid scríbhinní, agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne, a fháil ó scríbhneoirí aitheanta (meantóirí).  Tá an dán seo mar chuid den tsraith "Dán an Domhnaigh". #LeChéile

An Logha 

Aoine Chéasta, 2020

Cheannaíos tiúilipí úra inniubh

is leagas iad le teann sásaimh

ar leac na fuinneoige chun tosaigh

d'fhonn difear éigin a ghearradh

idir an lá inniubh is an lá inné,

difear eile, seachas uimhreacha

a mhéadaíonn.

Ceaití Ní Bheildiúin

Maireann an file Ceaití Ní Bheildiúin i gCiarraí Theas na laethanta seo. Tá ceithre leabhar filíochta dá cuid foilsithe. Bhuaigh an chnuasacht is déanaí óna peann, Agallamh sa Cheo – Cnoc Bhréanainn, duais an Oireachtais in 2018.

Na loghanna a bhíodh á ndíol ag an Eaglais Chaitliceach déanach sa Mheánaois, gheal siad laethanta don té a cheannódh iad, saor ón bpurgadóir. Thuigeas saghas purgadóra ar talamh, is ar muir, a bheith i gceist le bheith teanntaithe inár dtithe is teorainn curtha lenár ngluaiseachtaí ó áit go háit, ó bhuail Covid 19 ar an saol. Chabhródh bláthanna an spiorad a ardú ionam, dúrt liom fhéin, fiú le haghaidh lá amháin. Cheannaíos na bláthanna. Agus iad á gcóiriú agam sa bhfuinneog, thuigeas faoiseamh dom a bheith iontu. Bhraitheas ansin an dán ag teacht chugham tríd an bhfuinneog isteach. Ardú croí eile!

Focail agus dán le Ceaití Ní Bheildiúin.