An Post Irish Book Awards 2021: An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag

Tá cúig leabhar Gaeilge ar an ngearrliosta do ghradam leabhar Gaeilge na bliana ag na An Post Irish Book Awards 2021. Tá Love Leabhar Gaeilge atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, freagrach as an bhfeachtas.

Roghnófar an buaiteoir ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath ar an 23 Samhain agus idir an dá linn, beimid ag caitheamh súil níos géire ar na leabhra uilig ar an ngearrliosta.

#1 “An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag” le Áine Ní Chonghaile, arna fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht

Léargas atá sa saothar seo ar phobal i ndeisceart Chonamara sa naoú haois déag – cé dar díobh iad, cé as ar tháinig siad agus cé leis a raibh siad ag íoc cíosa. Ina theannta sin féachtar ar an gcaoi ar shaothraigh siad ar muir is ar tír agus ar an gcaoi ar athraigh a dteacht isteach le himeacht ama. Féachtar ar na himeachtaí agus ar na fórsaí, ar a leas nó a n-aimhleas, a bhí ag brú isteach orthu. Pobal teann neamhspleách a bhí iontu a chaith déanamh dóibh féin cuid mhaith ach a tháinig slán ainneoin na hanacra. Ba é breith oifigeach stáit amháin fúthu ag deireadh an chéid: ‘bright countenances, fine physique, and respectable appearance . . . intellectually and physically a superior race, infinitely capable’.

An údar: I dTír an Fhia i gConamara a rugadh is a tógadh Áine Ní Chonghaile. Chaith sí seal ag teagasc agus tréimhse fhada den tsaol ag plé leis an aistriúchán. Chothaigh tógáil is scolaíocht a suim sa stair. As an bpobal is ábhar don saothar seo a fáisceadh is a múnlaíodh í.

An foilsitheoir: Bunaíodh Cló Iar-Chonnacht (CIC) i 1985, agus ó shin i leith tá os cionn 300 albam ceoil foilsithe acu, agus suas le 500 leabhar. Tá sé ar cheann de na comhlachtaí foilsitheoireachta is bisiúla sa tír, agus ar an chomhlacht phríobháideach foilsitheoireachta Gaeilge is mó, le cúigear fostaithe go lánaimseartha sa Spidéal i gConamara.

Is féidir vóta a chaitheamh do "An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag" anseo.

Agus is féidir "An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag" a cheannach anseo.