An Post Irish Book Awards 2021: Madame Lazare

Tá cúig leabhar Gaeilge ar an ngearrliosta do ghradam leabhar Gaeilge na bliana ag na An Post Irish Book Awards 2021. Tá #LoveLeabharGaeilge atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, freagrach as an bhfeachtas.

Roghnófar an buaiteoir ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath ar an 23 Samhain agus idir an dá linn, beimid ag caitheamh súil níos géire ar na leabhra uilig ar an ngearrliosta.

#3 “Madame Lazare” le Tadhg Mac Dhonnagáin, arna fhoilsiú ag Barzaz

Ó bhí sí ina páiste óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana Lazare, seanmháthair Levana, a theith ina cailín óg di óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa, an t-aon duine amháin dá muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah. Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana i ndeireadh a saoil, sceitheann blúirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéile. Seoltar an bhean óg ar aistear a thugann uirthi gach rud a dúirt a seanmháthair riamh léi a cheistiú. De réir mar a ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go hiarthar na hÉireann, druideann Levana le fíorscéal a seanmháthar agus leis an tubaiste ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare.

An údar: Bíonn Tadhg Mac Dhonnagáin ag plé le cineálacha éagsúla
scríbhneoireachta, idir leabhair, scripteanna don scáileán agus amhráin. I measc na ngradam atá bainte ag a shaothar tá Gradam Uí Shúilleabháin, Gradam Réics Carló, Gradam Speisialta Children’s Books Ireland agus an White Raven ón Internationale Jugendbibliotek sa Ghearmáin. Bronnadh gradam IFTA, trí bliana i ndiaidh a chéile, ar an tsraith theilifíse AIFRIC, a chruthaigh sé i gcomhar le Paul Mercier agus Telegael. Tá a shaothar don óige foilsithe agus craolta go forleathan; san Eoraip, san Áise, san Astráil agus i Meiriceá Theas. Seo é an chéad úrscéal uaidh.

An foilsitheoir: Is inphrionta de chuid an fhoilsitheora Futa Fata é Barzaz. Leabhair do dhaoine fásta a fhoilseofar faoin inphrionta, atá á sheoladh in 2021. Líon beag teideal a fhoilseofar, péire nó trí cinn in aghaidh na bliana mar thús. Bunsaothair nua ó scríbhneoirí Gaeilge a thiocfaidh uaidh, chomh maith le haistriúcháin ar leabhair chomhaimseartha ó na teangacha Eorpacha taobh amuigh de shaol an Bhéarla, idir fhicsean agus neamhfhicsean. Tacaíonn An Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge le clár foilsitheoireachta Barzaz.

Is féidir vóta a chaitheamh do "Madame Lazare” anseo

Agus is féidir "Madame Lazare” a cheannach anseo