An Post Irish Book Awards 2021: Ré na bhFathach

Tá cúig leabhar Gaeilge ar an ngearrliosta do ghradam leabhar Gaeilge na bliana ag na An Post Irish Book Awards 2021. Tá #LoveLeabharGaeilge atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, freagrach as an bhfeachtas.

Roghnófar an buaiteoir ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath ar an 23 Samhain agus idir an dá linn, beimid ag caitheamh súil níos géire ar na leabhra uilig ar an ngearrliosta.

#4 “Ré na bhFathach” le Colm Ó Ceallacháin, arna fhoilsiú ag Leabhar Breac

Cnuasach é seo a chaitheann súil ar chruachás an duine agus é i ngleic le fírinní éagsúla an tsaoil — agus leis na bréaga. Ón am i láthair go dtí an t-am atá caite — agus fiú go haimsir chaite nach raibh riamh ann — tugtar sinn ar cuairt na cruinne, camchuairt a thosaíonn “ar an bhfichiú hoileán is mó ar domhan”, tír aineoil a n-aithneoidh an léitheoir go maith í, fiú faoi chló nua.

An údar: Is i gCorcaigh atá cónaí ar Cholm Ó Ceallacháin. In 2017 a foilsíodh a chéad chnuasach gearrscéalta, I dTír Mhilis na mBeo — saothar a bhain áit amach ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin na bliana sin. Tá duaiseanna Oireachtais buaite aige, chomh maith le dámhachtainí ón gComhairle Ealaíon.

An foilsitheoir: Teach beag foilsitheoireachta suite i gClochar an Locha taobh thiar den Spidéal i nGaeltacht Chonamara é Leabhar Breac. Is iad Darach Ó Scolaí agus Caomhán Ó Scolaí a bhunaigh an teach sa bhliain 1994, nuair a foilsíodh An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil. Ón tús, chuir siad rompu leabhair ar chaighdeán ard litríochta agus ealaíne a chur ar fáil agus, diaidh ar ndiaidh, tá aitheantas bainte amach acu as an ngné sin dá saothar. Cé is moite de na leabhair a fhoilsíonn siad thar lear i gcomheagrán le foilsitheoirí eile, is in Éirinn a chlóbhualann siad a gcuid leabhar, i gClódóirí Lurgan i nDoire Né. Tá os cionn 140 leabhar i gcló ag Leabhar Breac anois.

Is féidir vóta a chaitheamh do "Ré na bhFathach” anseo

Agus is féidir "Ré na bhFathach” a cheannach anseo