An Post Irish Book Awards 2023 – Buaiteoir Fógratha Leabhar Ficsin Gaeilge na bliana, urraithe ag Foras na Gaeilge

Ar an 22 Samhain, ag ócáid bhliantúil An Post Irish Book Awards, in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath, fógraíodh buaiteoirí na nduaiseanna leabhar mar aon le Gradam Fhoras na Gaeilge, ‘Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana’. Seo an chéad bhliain a raibh aird mhór ar leabhar ficsin amháin sa chatagóir seo.

Ba é ‘Imram agus scéalta eile’ le Róise Ní Bhaoill a ainmníodh ina bhuaiteoir ar an ngradam. Is éard a dúirt an t-údar Róise Ní Bhaoill, ar as Rann na Feirste í, “Is mór an onóir agam an gradam seo a bhaint. Is aitheantas é ní hamháin do muid chuid oibre féin ach fosta do na scríbhneoirí eile atá ag saothrú sa teanga. Mo bhuíochas do Fhoras na Gaeilge, do na moltóirí agus, ar ndóigh dár léitheoirí, pobal na Gaeilge. Suífidh an dealbh idir mo dhá bhaile, Béal Feirste & Rann na Feirste”.

Is cnuasach gearrscéalta é ‘Imram agus scéalta eile’. Tugtar ar thurais muid sna scéalta seo, turais intinne, turais go críocha aduaine, turais go tíortha atá stollta ag an choimhlint agus ag an athrach; ach is turais go croí na daonnachta iad go léir, le daoine atá ag cuartú saol dóchasach úr nó le daoine a bhfuil orthu gníomhú in aghaidh a dtola. I ndomhan a bhfuil mórghluaiseachtaí daonna ag léiriú an éagothromais, feictear an daonnacht ina steillbheatha sna scéalta seo. Inste i nguth tomhaiste deisbhéalach, tá scéalaíocht Rann na Feirste i stíl liteartha chomhaimseartha an lae inniu le sonrú go soiléir sna scéalta seo. [Éabhlóid]

I láthair ar an oíche bhí foilsitheoir an leabhair ‘Imram agus scéalta eile’, Eoghan Mac Giolla Bríde, ó Éabhlóid a dúirt gur, “mór an onóir é agus is deas an rud é dúinne mar fhoilsitheoirí nuair a thagann scríbhneoir chugainn le scéalta chomh maith agus chomh dea-scríofa. Tá sé suntasach fosta gurb í Róise an chéad bhean a bhuaigh an duais seo agus guíonn muid gach rath uirthi.”

Cúig leabhar ficsin a bhí san iomaíocht don duais i mbliana a bhí urraithe ag Foras na Gaeilge.  Tá an Foras ag tacú le catagóir na leabhar Gaeilge ó 2018, agus dúirt Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge gur ‘Ceiliúradh iontach atá sa ghradam seo ar scríbhneoireacht agus ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge. Tugann sé an t-aitheantas atá tuillte ag ár scríbhneoirí chomh maith le léargas ar an méid a bhaineann siad amach i ngach seánra scríbhneoireachta. Tá scríbhneoireacht na Gaeilge faoi bhláth.”

Comhghairdeas le Róise Ní Bhaoill agus leis na húdair uilig eile a bhí ar an ngearrliosta i mbliana.

Imram agus scéalta eile’ le Róise Ní Bhaoill, foilsithe ag Éabhlóid
‘Ceallach’ le Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac

 ‘Ag Dul i bhFad’ le Alan Titley, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

‘Béal na Péiste’ le Fionntán de Brún, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

‘Sa Pholl Báite’ le Anna Heussaff, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht