An Scéim Meantóireachta 2021

29 Már

Is é aidhm na scéime seo deis a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta comhairle faoina gcuid scríbhinní agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne a fháil ó mheantóirí ar scríbhneoirí aitheanta iad.

Cuirimid fáilte roimh iarratais le haghaidh na ról seo a leanas:

Scríbhneoirí – scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta

Meantóirí – scríbhneoirí aitheanta a bhfuil suim acu a bheith ina meantóirí

Comhordaitheoir – scríbhneoir aitheanta a dhéanfaidh an scéim a chomhordú

Cáipéisí

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.