An Spota Dubh

PREAS EISIÚINT

Téann Raidió na Life & Cumann Lúthchleas Gael i gcomhpháirtíocht do Phodchraoladh Spóirt Ghaelach ‘An Spota Dubh’

 

Tá podchraoladh nua oifigiúil Gaeilge de chuid Chumann Lúthchleas Gael seolta i gcomhpháirt le Raidió na Life, ina mbeidh imreoirí reatha agus iar-imreoirí faoi agallamh.  Cárthach Breathnach agus Cian Ó Griallais, láithreoirí ar an gclár rathúil ‘An Spota Dubh’, atá ainmnithe le haghaidh cúpla gradam, ar Raidió na Life le breis agus dhá bhliain anuas, a bheidh taobh thiar den mic don sraith speisialta seo. 

Dar ndóigh, tá neart d’imreoirí agus lucht tacaíochta an CLG a bhfuil Gaeilge acu agus tá sé mar aidhm ag An Spota Dubh buaicphointí agus príomh-imeachtaí na gcluichí a phlé – trí Ghaeilge – de réir mar a thiteann siad amach. Cuirtear tús bríomhar leis an sraith sa chéad eagrán, le súil á chaitheamh ar shraitheanna iománaíochta agus peile Allianz sula dtosaíonn siad i mbliana. I gcuideachta Chárthaigh agus Chian sa chéad phodchraoladh tá Paul Conroy, imreoir le Gaillimh, Donie Breathnach, iar-pheileadóir agus iománaí le Port Láirge, Fiona Ní Chorcoráin, iar-imreoir camógaíochta agus iomána le Baile Átha Cliath agus an t-iriseoir CLG Cian O’Connell. 

Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh ag https://soundcloud.com/rnl/an-spota-dubh-i-bpairc-an-chrocaigh?in=rnl/sets/an-spota-dubh