Léitheoirí Óga

Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile
Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile
Gabriel Rosenstock
Joe McLaren a mhaisigh

Foilseofar Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile (leabhar agus dánphóstaeir) go luath.
Inis Seo Dom! Cén fáth a bhfuil Dronn ar an gCamall?
Inis Seo Dom! Cén fáth a bhfuil Dronn ar an gCamall?
Anita Ganeri
Gareth Lucas a mhaisigh
Pól Mac Fheilimidh a d'aistrigh

Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat.  Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: An bhfuil nim i ngach nathair? Cén t-iasc a dhreapann crainn? Cé chomh gasta is atá an síota? Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró. Is údar í Anita Ganeri a bhfuil go leor duaiseanna buaite aici as a
Inis Seo Dom! Cén fáth a bhfuil Salann san Fharraige?
Inis Seo Dom! Cén fáth a bhfuil Salann san Fharraige?
Anita Ganeri
Gareth Lucas a mhaisigh
Pól Mac Fheilimidh a d'aistrigh

Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat. Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: Cén dath atá ar an Muir Rua? Conas a análaíonn éisc agus iad san uisce? Cad is feacht aigéin ann? Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró. Is údar í Anita Ganeri a bhfuil go leor duaiseanna buaite aici
Inis Seo Dom! Cén fáth a gcuireann an Nathair a Craiceann di?
Inis Seo Dom! Cén fáth a gcuireann an Nathair a Craiceann di?
Amanda O'Neill
Gareth Lucas a mhaisigh
Pól Mac Fheilimidh a d'aistrigh

Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat.  Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: Cén reiptíl is cineálta mar mháthair? Cén t-ábhar gáire atá ag an gcrogall? Cén turtar a bhfuil drochbholadh uaidh? Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró sa leabhar iontach seo le Amanda O’ Neill. Aistriúchán snasta eile é seo le Pól Mac
Inis Seo Dom! Cén fáth a mbíonn Duilleoga ar Chrainn?
Inis Seo Dom! Cén fáth a mbíonn Duilleoga ar Chrainn?
Andrew Charman
Gareth Lucas a mhaisigh
Pól Mac Fheilimidh a d'aistrigh

Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat.  Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: Cén planda is meas boladh? An itheann daoine féar? Cén fáth a mbíonn dealga ar chrainn? Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró. Is údar é Andrew Charman a bhfuil go leor duaiseanna buaite aige as a chuid scríbhneoireachta
Inis Seo Dom! Cén fáth a mbíonn Sciatháin ar Eitleáin?
Inis Seo Dom! Cén fáth a mbíonn Sciatháin ar Eitleáin?
Christopher Maynard
Josy Bloggs a mhaisigh
Pól Mac Fheilimidh a d'aistrigh

Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat.  Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: An féidir le gluaisrothar eitilt? Cén cineál báid a mbíonn rothaí uirthi? Cad a bhí sa traein vaigíní? Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró. Is údar agus eagarthóir é Christopher Maynard a bhíonn ag scríobh in irisí do
Asailín Abú!
Asailín Abú!
Pauline Devine
Fergal O'Connor a mhaisigh

Tá Mamó agus na hainmhithe beaga ag obair go crua leis na glasraí i ngairdín Mhamó a chur ag fás. Síos leo go dtí an trá chun feamainn a bhailiú. Cabhróidh an fheamainn leis na plandaí fás. Ach, cad seo? Tá asal gonta ar an trá! Cad a bhain don asal in aon chor agus cad a d’fhág sa riocht sin é? Pé rud a bhain dó, ní mór aire mhaith a thabhairt dó chun go dtiocfaidh biseach air. Agus níl dream níos fearr chun é sin a dhéanamh ná Mamó agus a cairde.   Ón údar céanna leis an
Níl Éisc le Trust
Níl Éisc le Trust
Neil Sharpson
Dan Santat a mhaisigh

An bhfuil éisc le trust? Sin í an cheist mhór atá á plé sa leabhar conspóideach seo, leabhar atá ar maos le greann. Cuirfidh an leabhar seo ag machnamh thú ar na héisc agus ar a gcuid dóigheanna aisteacha, mar shampla: Cad chuige a gcaitheann siad a gcuid ama uile san uisce, áit nach bhfeictear iad?  Tá cuid acu chomh mór le bus – níl sin ceart!  Tugtar ‘scoil’ ar ghrúpa éisc, ach cad é atá siad a fhoghlaim sna ‘scoileanna’ seo?  An bhfuil sé i gceist acu deireadh a chur linn? Tá an leabhar seo lán eolais agus spraoi
Cinnín Óir agus na Trí Bhéar
Cinnín Óir agus na Trí Bhéar
Áine Ní Ghlinn

‘Tá ocras orm,’ arsa Cinnín Óir. ‘Ach ní maith liom an leite atá sa bhabhla mór.’ Athinsint álainn ar an seanscéal iomráiteach atá sa leabhar seo. Tá físeán den scéal, agus Bríd Ní Neachtain á léamh, le fáil ar YouTube.
Faoi Cheilt
Faoi Cheilt
Thierry Robberecht

Nuair a fheiceann Elsa, cailín óg Francach, campa gruama na dteifeach lena dhá súil féin, níl tógáil a cinn aici le náire. Ag snámhaíl sa láib atá muintir an champa agus iad ag cur fúthu i bpubaill a ligeann an t-uisce isteach. Ansin, cuireann Elsa aithne ar Shiriach óg darb ainm Bachir. Teastaíonn go géar uaithi cúnamh a thabhairt dá cara nua agus dá theaghlach … ach cad is féidir léi a dhéanamh agus gan inti ach cailín ceithre bliana déag d’aois? Aistriúchán é seo ar an leabhar móréilimh, La Cache, leis an mBeilgeach, Thierry Robberecht. Cliceáil ar an nasc
Azzi idir dhá Stól
Azzi idir dhá Stól
Sarah Garland

Tá Azzi agus a cuid tuismitheoirí i mbaol… Níl rogha acu ach a mbaile féin a fhágáil agus éalú chuig tír eile. Téann siad a chónaí i measc strainséirí, in áit nach dtuigeann siad teanga na ndaoine. Téann Azzi i dtaithí ar na hathruithe móra ina saol go misniúil cróga, ach tá Mamó fós sa bhaile. An bhfeicfidh sí arís go deo í? Scéal corraitheach a insítear, idir phictiúir agus téacs, go lom tuisceanach. Do pháistí os cionn 10 mbliana d’aois an leabhar seo
I Lár na Coille
I Lár na Coille
Éamonn Ó Ruanaí
Martin Fagan a mhaisigh

Níor thaitin an choill dhorcha le Siobhán ó bhí sí ina cailín an-óg. Bhí rud éigin aisteach ag baint leis an áit. Ach ní mór do Shiobhán aghaidh a thabhairt ar an gcoill chun cuidiú le cat atá gortaithe. Cá bhfios céard atá roimpi ag bun an chosáin chasta i lár na coille … Beagán draíochta b’fhéidir?
Clíona agus an Cluiche Peile
Clíona agus an Cluiche Peile
Úna Leavy
Kieron Black a mhaisigh

Is í an pheil is gaire do chroí Chlíona. Ba chuma léi ócáid ar bith a chailleadh ach a bheith in ann imirt sa chluiche craoibhe. Ach an bhfaighidh sí áit ar an bhfoireann?
Bleachtairí Beaga Bhaile Átha Cliath
Bleachtairí Beaga Bhaile Átha Cliath
Gabriel Rosenstock
Aongus Ó Coileáin a mhaisigh

Torann aisteach. Tiúilipí goidte. Madra ar iarraidh. Boladh bréan. Níl aon chás róbheag ná rómhór don Cheathrar. An leabhar nótaí agus an ceamara faoi réir, ar aghaidh leis na bleachtairí beaga ar lorg leideanna. Ní mór don Cheathrar a bheith seiftiúil agus gach uile chás á fhiosrú. Le chéile tiocfaidh siad ar réiteach…  
Cá bhfuil Bran? leabhar agus bréagán in éineacht
Cá bhfuil Bran? leabhar agus bréagán in éineacht
Eric Hill

Tá sé in am dinnéir! Ach, cá bhfuil Bran? Beir barróg ar Bhran! An madra is fearr le leitheoirí óga na hÉireann!
Cá bhfuil Bran?
Cá bhfuil Bran?
Eric Hill

Cár Imigh Bran? Tá sé i bhfolach. Ardaigh na cluaisíní agus cabhraigh le Sail é a aimsiú. Where has Bran got to? Could he be hiding on us? Lift the flaps throughout the book and help his friend Sail find him.
Bran agus an Nollaig
Bran agus an Nollaig
Eric Hill

An Nollaig atá ann! Ardaigh na flapaí agus cabhraigh le Bran na bronntanais a réiteach – agus a aimsiú! Nollaig shona duit, a Bhrain!
Suaimhneas sa Stábla
Suaimhneas sa Stábla
Gabrielle Ní Mheachair
Fergal O'Connor a mhaisigh

Is luchóg bheag é Seán. Níl rud ar bith a thaitníonn leis níos mó ná socrú síos ina nead agus codladh mór maith a dhéanamh. Ní mó ná sásta a bhíonn sé, mar sin, nuair a thagann cuairteoir isteach sa stábla gan choinne i lár na hoíche. An mbeidh Seán ábalta codladh na hoíche a fháil sa deireadh thiar thall? Scéilín deas is ea Suaimhneas sa Stábla agus é bunaithe ar na heachtraí a thit amach i stábla i mBeithil ar an gcéad Oíche Nollag. Leabhar a oireann go seoigh don chomhléitheoireacht idir tuismitheoirí agus leanaí 6 bliana agus os
Asal Uasal
Asal Uasal
Heather Henning


An chéad Nollaig trí shúile an asail a thug an Lánúin Naofa go Beithil. Tháinig mo mháistir, Iósaf, go dtí an gort. ‘A asailín,’ ar sé ‘tá aistear romhainn – aistear fada.’ Moira Maclean a mhaisigh. Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge air. The story of the first Christmas as seen through the eyes of Joseph and Mary’s donkey. The illustrations of Moira Maclean perfectly capture the magic, mystery and joy of this glorious event.
Gairdín Mháire na mBláth
Gairdín Mháire na mBláth
Tatyana Feeney

Bronntanas breá samhraidh is ea Gairdín Mháire na mBláth, an saothar is déanaí ó Tatyana Feeney. Leabhar aoibhinn álainn é seo a chuirfidh gliondar ar an té a léifidh é. Scéal cairdis agus comhluadair is ea Gairdín Mháire na mBláth. Feiceann Máire na mBláth lá amháin nach bhfuil aon bhláthanna ag fás sa scoil áitiúil. Socraíonn sí dul chun na scoile agus cabhrú leis na daltaí gairdín scoile a chur. Oibríonn sí féin agus na páistí as lámha a chéile agus cuireann siad gairdín breá ag fás taobh leis an scoil. Ach cad faoi ghairdín Mháire féin? Níl cuma rómhaith
LÚBA
LÚBA
Alan Titley
John White a mhaisigh

Bhuaigh an saothar seo gradam Buaicshaothar Próis na Bliana ag Oireachtas 2018. ‘Cad ba mhaith leat anois?’ Ní raibh tuairim agam cad a bhí uaim. Conas a bheadh? ‘Imeacht, is dócha,’ arsa mise, mar b’in iad na focail a tháinig amach. ‘Imeacht in áit éigin nach n-aithneofaí mé.’ Tá Lucy ag streachailt leis an saol: a tuismitheoirí, an scoil, a cairde, a smaointe féin fiú. An dtiocfadh léi saol álainn a bheith aici mar atá ag Clúimhín, an cat? Agus dá mbronnfaí saol an chait uirthi, an mbeadh sí sásta leis? Úrscéal tuisceanach, cliste, greannmhar don aos óg ó dhuine
An Eala Órga agus scéalta eile ón India
An Eala Órga agus scéalta eile ón India
Gabriel Rosenstock
Brian Fitzgerald a mhaisigh

Bhí an ghrian go hard sa spéir. Thosaigh na hainmhithe móra ag gearán. ‘Tá an ghrian i bhfad róthe!’ arsa an buabhall uisce. ‘Tá,’ arsa an eilifint. ‘B’fhearr liom é mura n-éireodh sí in aon chor!’ Chuala an ghrian ag caint iad. Shocraigh sí nach n-éireodh sí lá arna mhárach ná an lá ina dhiaidh sin. Stailc! I scéal seo na gréine, agus i scéalta An Eala Órga trí chéile, tugann Gabriel Rosenstock, mar aon lena chomhealaíontóir, Brian Fitzgerald, ar thuras geal i bhfad is i gcéin muid. Seo againn Gúrú na Gaeilge agus é i mbarr a réime. Léigh
Ag Dul i dTír
Ag Dul i dTír
Miriam Molony
Steve Doogan a mhaisigh

An uair dheireanach a casadh Tomás Mac Lannchaidh agus a theaghlach orainn in Turas go Meiriceá bhí siad tar éis an t-aistear fada as Éirinn siar go Meiriceá a chur díobh. Bhí idir bhrón is ghliondar ag baint leis an aistear céanna.  Anois tá siad réidh le dul i dtír agus saol nua a réiteach dóibh féin san Oileán Úr; tús a chur le haistear cinniúnach eile.
Pádraigín Phléascach
Pádraigín Phléascach
Emily Gale a scríobh

Is ceapadóir cúnta í Pádraigín Phléascach agus ábhar spiaire lena chois sin. Tá obair mhór ar siúl ag Pádraigín. Caithfidh sí féin agus a madra, Einstein, breith ar spiaire idirnáisiúnta agus bulaí na scoile a chloí in éineacht. Cén dochar é má tharlaíonn PLÉASCADH anseo is ansiúd feadh na slí agus an obair thábhachtach sin ar siúl aici! Eliza Boom is having a blast. With her dog, Einstein, she’s on a mission to catch a spy – and banish the class bully while she’s at it. All in a day’s work for Eliza Boom, assistant inventor … and wanna-be junior
An Saor Cloiche Míshona
An Saor Cloiche Míshona
An dara leabhar sa tsraith Scéalta Béaloidis as na ceithre hAirde a thagann sna sála ar fhoilsiú An Pota Folamh.   Scéal béaloidis ón tSeapáin. Seanscéal simplí é seo a bhaineann le traidisiún béil na Seapáine. Saor cloiche is ea é Haru. Bhí sé sona sásta go dtí gur thosaigh sé ag santú na rudaí a bhí ag daoine eile. Ach má tháinig an saibhreas d’imigh an sonas. This book tells the story of the Unhappy Stonecutter, a traditional Japanese folk tale. In it, a simple stonecutter learns that you should count your blessings and be grateful for what you already have, instead of always
Is Mise Manchán Maximus
Is Mise Manchán Maximus
Tim Collins a scríobh
Andrew Pinder a mhaisigh

Is mise Manchán Maximus agus lá éigin beidh mé i mo mhórlaoch. Ta an dialann seo á breacadh agam mar go bhfuil a fhios agam go gcuirfidh gach aon duine suim inti amach anseo. ldir an dá linn … ní stopann mo chuid cairde ach ag spochadh asam agus tugann Daid an chluas bhodhar dom i gcónaí agus is fearr le Mam a cuid cearc beannaithe ná a maicín calma féin. Níl an cath caillte, ina dhiaidh sin is uile! Is mise Manchán Maximus agus déanfaidh mé gaisce ar son na Róimhe fós! Dorkius Maximus is a young boy growing
Cinnín Óir agus na Trí Bhéar
Cinnín Óir agus na Trí Bhéar
Leaganacha simplí de sheanscéalta atá sa tsraith seo leabhar a scríobhadh do pháistí atá ag foghlaim na léitheoireachta. Is eagráin nua iad seo. Oireann na leabhair seo do pháisití a bhfuil roinnt focal simplí ar eolas acu agus atá ábalta abairtí gearra a léamh cheana féin. Cuideoidh an t-athrá leo líofacht a bhaint amach sa léitheoireacht. Spreagfaidh na pictiúir spéis na bpáistí sa scéal agus cuideoidh siad leo an téacs a thuiscint. De réir mar a rachaidh páistí trí na leabhair aithneoidh siad na focail agus na habairtí atá á n-athrá. Is féidir le duine fásta cuidiú leo trína n-aird a
Drubal
Drubal
Maolíosa Ní Chléirigh / Kieron Black a mhaisigh Ní maith le Seán, Róisín ná le Maggie a bheith i dtrioblóid lena dtuismitheoirí. Nach breá madra a bheith acu, mar sin. Is féidir leo an milleán a chur ar Dhrubal faoi gach rud dána a dhéanann siad féin! Filleann an feall ar an bhfeallaire, áfach agus tarlaíonn rud nach raibh coinne ag na páistí leis ar chor ar bith. Gabhann dlúthdhiosca fuaime leis an leabhar.
An gCacann Beacha?
An gCacann Beacha?
Thomas Kingsley Troupe Is grúpa cairde iad an Seisear Salach atá ina gcónaí i ndumpa na cathrach. Chuirfeadh sé iontas ort a oiread agus is féidir a fhoghlaim faoin eolaíocht agus tú sa dumpa! San eachtra seo tagann na cairde ar nead beach agus faigheann siad amach mar gheall ar na difrochtaí idir rudaí beo agus rudaí neamhbheo.
Cén fáth a mbím ag Broimneach?
Cén fáth a mbím ag Broimneach?
Thomas Kingsley Troupe Is grúpa cairde iad an Seisear Salach atá ina gcónaí i ndumpa na cathrach. Chuirfeadh sé iontas ort a oiread agus is féidir a fhoghlaim faoin eolaíocht agus tú sa dumpa! San eachtra seo bíonn folcadh ag Ruairí agus faigheann gach duine amach mar gheall ar an gcórás díleá.
1 - 30 of 39 items