Déagóirí

Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipiscing elit, sed do labore et dolore adipiscing elit sed do labore. Find out more

Morf
Morf
Orna Ní Choileáin / Olivia Golden a mhaisigh Bíonn uaigneas ar Eric uaireanta, bíonn Mam agus Daid chomh gafa lena dheirfiúracha óga nach dtugann siad mórán airde ar Eric uaireanta. Ba bhreá leis dá mbeadh cara aige. Nuair a thagann Morf, áfach, níl a fhios ag Eric an é sin an cineál carad a theastaíonn uaidh in aon chor. Deir sé go bhfuil sé ag iarraidh cabhrú leis, ach ní léir gurb é leas Eric atá á dhéanamh an bhfear beag glas. Urscéal nua do dhaoine óga (9-12) é Morf ag an scríbhneoir aitheanta Orna Ní Choileáin. Bhuaigh Morf Duais
Anansi agus an Scéalta an Domhain
Anansi agus an Scéalta an Domhain
Éamonn Ó Ruanaí a scríobh
Kieron Black a mhaisigh

Rógaire gan sárú é Anansi na n-ocht gcos. Is nós leis bob a bhualadh ar na déithe agus olc a chur ar a chomharsana. Ach taobh amuigh de sin níl sé ródhifriúil liomsa ná leatsa, i ndáiríre. Is breá le Anansi bheith ag comhrá leis na hainmhithe eile (nuair nach mbíonn sé á n-ithe). Is breá leis scéalta agus scéalaíocht. Ach bí ar d’aire, is breá leis bheith i mbun cleasaíochta freisin! Tá cur síos ar naoi gcinn d’eachtraí iomráiteacha Anansi sa leabhar seo ó pheann Éamoinn Uí Ruanaí.
Cosc ar Chrogaill
Cosc ar Chrogaill
Heather Pindar a scríobh.
Susan Batori a mhaisigh.


Pictiúrleabhar nuafhoilsithe. Thug an Séabra cuireadh do na hainmhithe go léir teacht chuig a chóisir, ach amháin na crogaill. Tá na crogaill chun sleamhnú isteach agus na hainmhithe ar fad ag an gcóisir a alpadh. Ach conas a éireoidh leis na crogaill?
An Seilide agus an Míol Mór
An Seilide agus an Míol Mór
Julia Donaldson
Axel Scheffler


Éist le taifeadadh fuaime den scéal ar an ardán, SoundCloud Ba bhreá leis suí ar an gcarraig gach lá is é ag féachaint amach ar na longa sa bhá. “Ba dheas liom taisteal i bhfad is i gcéin An tSín, an tSeapáin nó an Afraic féin! Sea,” arsa Subh, ‘nár bhreá lem’chroí bheith thall in Albain nó in Tennessee! Sa tsraith chéanna: An Garbhán agus Scuabtha chun Siúil.
An Pota Folamh
An Pota Folamh
Seanscéal simplí é seo a bhaineann le traidisiún béil na Síne. Is buachaill óg macánta é Cheng. Níl gach duine eile chomh macánta céanna leisean, áfach, ach sin an rud a aithníonn Impire na Síne é féin. Tá an scéal curtha in oiriúint do léitheoirí na linne seo ag Charlotte Guillain agus é maisithe go gleoite ag Steve Dorado. Bainfidh páistí óga sult as an leagan Gaeilge seo den scéal agus iad á léamh iad féin, nó agus duine eile á léamh os ard dóibh.
Óró na Circíní agus scéalta eile ón Afraic
Óró na Circíní agus scéalta eile ón Afraic
Gabriel Rosenstock
Illustrated by Brian Fitzgerald

Athinsint ar scéalta béaloidis as an Afraic curtha in oiriúint d’aos óg na Gaeilge ag Gabriel Rosenstock. Tugann an cnuasach seo de 14 scéal as tíortha éagsúla sa mhórchríoch sin léargas dúinn ar thraidisiún saibhir na hAfraice. Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh as an leabhar spéisiúil seo.
Scéalta clasaiceacha do pháistí
Scéalta clasaiceacha do pháistí
  Leaganacha simplí de sheanscéalta atá sa tsraith seo leabhar a scríobhadh do pháistí atá ag foghlaim na léitheoireachta. Oireann na leabhair seo do pháisití a bhfuil roinnt focal simplí ar eolas acu agus atá ábalta abairtí gearra a léamh cheana féin. Cuideoidh an t-athrá leo líofacht a bhaint amach sa léitheoireacht. Spreagfaidh na pictiúir spéis na bpáistí sa scéal agus cuideoidh siad leo an téacs a thuiscint. De réir mar a rachaidh páistí trí na leabhair aithneoidh siad na focail agus na habairtí atá á n-athrá. Is féidir le duine fásta cuidiú leo trína n aird a tharraingt ar thúslitreacha na bhfocal agus trí fhuaim na litreacha a dhéanamh dóibh. Foghlaimeoidh na páistí na fuaimeanna
Scuabtha chun Siúil
Scuabtha chun Siúil
le Julia Donaldson
Axel Scheffler


Gabriel Rosenstock a rinne an leagan Gaeilge An scéal á léamh ar SoundCloud. Bhí cat ag an gCailleach – Cailleach an hata – Ní srón a bhí uirthi ach Saghas éigin fata! Bhí an cat ag crónán is ag gáire go baoth. Seo chugainn ar an scuab iad ag teacht ar an ngaoth! Sa tsraith chéanna: An Seilide agus an Míol Mór agus An Garbhán
Aistear tríd an Inchinn
Aistear tríd an Inchinn
David Cotter, Lorna Lopez, Eoin Kelleher, Helen Coughlan, Mary Cannon a scríobh Léaráidí: Eoin Kelleher.   Fionnuala Nic Pháidín a rinne an leagan Gaeilge Is í an inchinn an ball beatha is mó tábhacht agus, b’fhéidir, is lú a bhfuil tuiscint againn air. Féachann an saothar seo le cur lenár dtuiscint uirthi trí mheán téacs agus dathúcháin. Mínítear go gonta cruinn gnéithe éagsúla den inchinn le cabhair íomhánna, mapa inchinne agus cartúin. The brain is our most important organ and perhaps the least well understood. It’s the command station for our body controlling what we think, what we feel and what we do. This colouring book seeks to increase our understanding of the brain in a succinct engaging way using text, images, brain maps and cartoons.
Bairbre Ní Chuanaigh a scríobh / Sheena Dempsey a mhaisigh
Bairbre Ní Chuanaigh a scríobh / Sheena Dempsey a mhaisigh
Éist anseo le húdar na leabhar seo agus í faoi agallamh ar an glcár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta. 42 nóiméad isteach sa chlár atá an t-agallamh. Cloch mhíle ag gach leanbh slán a fhágáil leis na clúidíní agus dul ar an bpota den chéad uair. Is é an dála céanna é ag Bláithín agus Oisín sna leabhair ghleoite seo le Bairbre Ní Chuanaigh atá foilsithe ag An Gúm. Tá treoir, tacaíocht agus cairt traenála ar fáil ag an mbeirt seo agus iad ag dul i mbun ealaín nua a fhoghlaim agus a chleachtadh. Is mór an t-údar misnigh ag Bláithín agus
Scéalta clasaiceacha – eagráin úra
Scéalta clasaiceacha – eagráin úra
Socraíonn siad ar imeacht as tír na Calairméine agus saol an sclábhaí a fhágáil ina ndiaidh. Ní fada ar an bhóthar iad go gcastar beirt eile orthu atá ag éalú fosta – an cailín uasal Aravios agus a compánach féin, Capall Cainte eile darb ainm Bhuin. Tiocfaidh an ceathrar seo i gcabhair ar Nairnia in am an éigin agus foghlaimeoidh Seasta nach bhfuil aon dul ón chinniúint. Seo an dara leabhar i sraith cháiliúil Croinicí Nairnia atá aistrithe ag Antain Mac Lochlainn. Tá bailchríoch chomh paiteanta, snasta céanna curtha aige ar an cheann seo is a chuir sé ar An
91 - 101 of 101 items